Nasc leis an láithreán gréasáin | Ainm na heagraíochta | Cur síos agus seirbhísí |
 | Association of Educational Assessment, Europe (AEA-Europe) | Ardán chun forbairtí i measúnú oideachais san Eoraip a phlé. |
 | COGG: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta | Cuireann COGG comhairle ar an Aire Oideachais agus Scileanna agus ar an CNCM i dtaobh theagasc na Gaeilge agus theagasc trí Ghaeilge. Soláthraíonn COGG acmhainní teagaisc, seirbhísí tacaíochta, agus taighde do scoileanna Gaeltachta, do ghaelscoileanna agus do scoileanna uile na tíre. Féach láithreán Gréasáin COGG le haghaidh eolais ar COGG, acmhainní i nGaeilge agus ábhair is féidir íoslódáil. |
 | CIDREE(Consortium of Institutions for Development and Research in Education in Europe) | Líonra féinbhainistíochta de fhorais oideachais a bhfuil ról náisiúnta acu i réimse na forbartha curaclaim agus/nó an taighde oideachais. |
 | ROS (An Roinn Oideachais agus Scileanna) | Láithreán na Roinne Oideachais agus Scileanna in Éirinn. |
 | Discover Primary Science | Clár náisiúnta is ea Discover Primary Science a chothaíonn spéis san Eolaíocht, sa Teicneolaíocht, san Innealtóireacht agus sa Mhatamaitic i measc lucht na mbunscoileanna. Soláthraíonn an láithreán Gréasáin gníomhaíochtaí SESE-bhunaithe do mhúinteoirí agus do pháistí is féidir íoslódáil. Cuirtear gníomhaíochtaí ar fáil chomh maith i bhfoirm scannáin splaince, agus tacaíonn siad ar fad le curaclam SESE. |
 | Dublin City Childcare Committee | Bunaíodh láithreán Gréasáin Choiste Cúram Leanaí Bhaile Átha Cliath chun cuidiú le daoine i gceantar chathair Bhaile Átha Cliath a bhfuil riachtanais chúram leanaí acu. |
 | Educational Research Centre, Ireland | Oibríonn an t-ionad seo ag gach leibhéal de chóras oideachais na hÉireann ón réamhscolaíocht go dtí an tríú leibhéal. |
| | Irish National Teachers' Organisation (INTO) | Déanann Cumann Múinteoirí Éireann ionadaíocht ar son múinteoirí bunscoile in Éirinn, agus ar son idir mhúinteoirí bunscoile agus mhúinteoirí iarbhunscoile i dTuaisceart Éireann. Tá liosta cuimsitheach acmhainní ar fáil sa chuid den láithreán Gréasáin dar teideal Acmhainní Seomra Ranga. |
 | Leaving Certificate Applied | Clár dhá bhliain is ea an Ardteistiméireacht Fheidhmeach, atá ar fáil do dhaltaí ar mian leo gabháil do chlár praiticiúl ina gcuirtear béim láidir ar ghairmeacha. Gheofar eolas ar an gclár ar an láithreán Gréasáin mar aon le liosta de na scoileanna/ionaid a chuireann an clár ar fáil, agus eolas faoi dheiseanna oiliúna a bheidh ar fáil go luath. |
 | Leaving Certificate Vocational Programme | Clár de chuid na Sraithe Sinsearaí is ea Gairmchlár na hArdteistiméireachta a dearadh chun béim láidir ghairme a chur san áireamh san Ardteistiméireacht (bhunaithe). Ar an láithreán Gréasain, gheofar eolas ar an gclár, liosta de na scoileanna/ionaid a chuireann an clár ar fáil agus sonraí teagmhála le haghaidh tacaíochta. |
 | National Centre for Technology in Education (NCTE) | Gníomhaireacht de chuid rialtas na hÉireann is ea an NCTE, a bunaíodh chun comhairle, tacaíocht agus eolas a sholáthar i dtaobh úsáid na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide sna scoileanna. |
 | National Foundation for Educational Research, UK (NFER) | Soláthraíonn an eagraíocht taighde oideachais seo fianaise chun feabhas a chur ar chleachtas agus ar thuiscint agus soláthraionn seirbhísí agus eolais d’oidí, do threoraithe beartais agus do chleachtóirí. |
 | An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil sna Bunscoileanna (PPDS) | Seirbhís tacaíochta le haghaidh earnáil na mbunscoileanna is ea PPDS. Gheofar ar an láithreán Gréasáin acmhainní curaclaim agus eagrúcháin, foilseacháin agus ábhair ilmheáin. |
 | School Development Planning Initiative (SDPI) | Ofráileann láithreán Gréasáin TPFS eolas, treoirlínte agus ábhair acmhainne chun tacú le próiseas an phleanála forbartha in iarbhunscoileanna. |
 | Scoilnet | Tairseach oifigiúil oideachais na Roinne Oideachais agus Scileanna in Éirinn is ea Scoilnet. Bunachar sonraí digiteach de 11,500 acmhainn agus le cois atá ann a athbhreithníodh agus a mapáladh ar an gcuraclam ag bunmhúinteoirí. Gheofar ceachtphleananna, quizeanna, gníomhaíochtaí idirghníomhacha, srl. tríd an Aimsitheoir Acmhainní agus tá siad an-oiriúnach don teagasc agus don fhoghlaim. Tugann scoilnet teacht ar Encyclopaedia Brittanica agus ar World Book chomh maith. |
 | Second Level Support Service (SLSS) | Ceapadh láithreán Gréasáin an SLSS chun tacú le forbairt ghairmiúil múinteoirí i scoileanna dara leibhéil in Éirinn. |
 | Special Education Support Service (SESS) | Is é cúram an SESS cur le caighdeán an teagaisc agus na foghlama san oideachais speisialta in Éirinn. |
 | Coimisiún na Scrúduithe Stáit | Tá cúram ar Choimisiún na Scrúduithe Stáit as forbairt, measúnú, creidiúnú agus teistiú scrúduithe dara leibhéal na hÉireann: an Teastas Sóisearach agus an Ardteistiméireacht. Foras poiblí neamhrannach is ea Coimisiún na Scrúduithe Stáit faoi scáth na Roinne Oideachais agus Scileanna. |
 | Transition Year Programme | Cuireann Clár na hIdirbhliana forás pearsanta, sóisialta, gairmeach agus oideachasúil daltaí chun cinn agus ullmhaíonn iad dá ról mar bhaill féinriartha, rannpháirteacha agus freagracha den tsochaí. Clár uathúil bliana atá ann do dhaltaí a bhfuil an Teastas Sóisearach gnóthaithe acu. |