Seirbhís do Chustaiméirí
Gealltanas Scothsheirbhíse na CNCM
Tá an CNCM tiomanta do sheirbhís éifeachtach ar ardchaighdeán a sholáthar dá chustaiméirí.
Caighdeán ár Seirbhíse
- Soláthróimid eolas maidir le caighdeán ár seirbhísí do chustaiméirí ag láithreacha oiriúnacha i bpríomhoifigí na CNCM
- Cuirfimid i bhfeidhm raon acmhainní nua ar líne chun feabhas a chur ar na seirbhísí atá ar fáil do chustaiméírí agus do bhaill na foirne
- gheobhaimid creidiúnú trí bhíthin Scothsheirbhís ó Scothfhostaithe, caighdeán náisiúnta na hÉireann um fhorbairt daonacmhainní, a dearadh chun forás fostaithe a spreagadh le go gcomhlíonfaidís lán a n-acmhainneacht, rud a uasmhéadaíonn an méid a dhéanann siad ar son na heagraíochta féin agus ar son a gcustaiméirí.
Glaochanna Gutháin
- cinnteoimid go bhfreagrófar gach glaoch go pras agus go dtabharfaidh baill na foirne a n-ainm iomlán ar fhreagairt an ghutháin
- cinnteoimid go bhfreastalófar go tráthúil ar theachtaireachtaí a fhágfar ar na córais glórphoist lárnacha agus aonair
- cinnteoimid go mbeidh eolas suas chun dáta ag foireann thosach an tí chun gur feidir leo glaochanna a láimhseáil go héifeachtach
- munar féidir freagra láithreach a thabhairt ar cheist, cinnteoimid go mbreacfar síos sonraí teagmhála an ghlaoiteora agus cuirfear glaoch ar ais nó eiseofar an t-eolas i scríbhinn don ghlaoiteoir chomh luath agus is féidir
- muna bhfuil an t-eolas atá á lorg ag an nglaoiteoir ar fáil, déanfaidh an CNCM comhairle a chur ar an nglaoiteoir maidir le foinse eile a d’fhéadfadh an t-eolas sin a sholáthar.
Comhfhreagras/R-phoist
- admhálfaimid gach comhfhreagras laistigh de chúig lá oibre agus eiseoimid freagra deifnídeach ar ghnáthcheisteanna laistigh de dheich lá oibre agus ar cheisteanna casta a éilíonn taighde nó dul i gcomhairle breise laistigh de 20 lá oibre
- munar féidir freagra a sholáthar laistigh de na tréimhsí ama sin, eiseofar freagra eatramhach chun dul chun cinn a chur in iúl don gcomhfhreagraí
- cinnteoimid go mbeidh freagraí soiléir, agus ní úsáidfear téarmaí teicniúla ach nuair nach féidir sin a sheachaint agus cinnteoimid go mbeidh ainm teagmhálaí, uimhir ghutháin agus seoladh ríomhphoist ar gach freagra.
Cuairteoirí chun na hoifige
- cinnteoimid go gcaithfear le gach cuairteoir go cairdiúil, le cuirtéis agus le tuiscint agus nach gcuirfear aon mhoill neamhriachtanach ar ghlaoiteoirí
- cinnteoimid go mbeidh seomraí fáiltithe agus seomraí cruinnithe glan, furasta le teacht orthu agus ar ardchaighdeán compoird agus sábháilteachta.
Teacht fhisiceach
- cinnteoimid go mbeidh gach ceann dár n-áitreabh agus dár saoráidí inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas
- cinnteoimid go mbeidh gach oifig dár gcuid glan agus néata agus go gcomhlíonfaidh siad caighdeáin sábháilteacht gairme
- soláthróimid áiseanna oiriúnacha do chuairteoirí chun a bpríobháide a chosaint.
Teacht fhurasta ar eolas
- leanfaimid de bheith ag soláthar ábhar clóite atá dea-dheartha, soléite agus sothuigthe
- cinnteoimid go mbeidh gach eolas atá ar fáil ar láithreán Gréasáin na CNCM soiléir, suas chun dáta agus cruinn
- comhlíonfaimid ár n-oibleagáidí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003), a bhfuil sé de chuspóir aige infhaighteacht níos fearr agus caighdeán níos airde a chinntiú i gcás seirbhísí poiblí trí Ghaeilge
- cinnteoimid go leanfaidh an CNCM de bheith ag cloí lena hoibleagáidí faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (1997) agus faoin Acht Cosanta Sonraí (2003).
Gearáin agus achomhairc
- Tá nós imeachta dea-fhógartha, inrochtana, trédhearcach agus simplí le húsáid ceaptha againn chun déileáil le gearáin agus achomhairc. Féach ar an Nós Imeachta le Gearáin a dhéanamh as PDF
- soláthróimid oiliúint don fhoireann maidir le gearáin agus achomhairc ó chustaiméirí a láimhseáil agus cinnteoimid go gcoimeádfar aiseolas maidir le hoibriú na gcóras faoi athbhreithniú.
Comhionannas agus éagsúlacht
- cothóimid feasacht mar gheall ar cheisteanna comhionannais/éagsúlachta i measc bhaill foirne na CNCM trí bhíthin forbairt agus oiliúint ghairmiúil leanúnach a sholáthar
- leanfaimid de bheith ag cur ceisteanna comhionannais agus éagsúlachta i gcuntas i ngach comhairle a chuirimid ar fáil don Aire Oideachais agus Scileanna, inár bhfoilseacháin agus i mbainistiú ár n-ócáidí
- cinnteoimid go dtógfaidh ár mbeartais ionaid oibre cuntas den Acht um Chomhionannas Fostaíochta (1998) agus den Acht um Stádas Comhionann (2000) a eisreachtaíonn leatrom ar bhonn inscne, stádais pósta, stádais teaghlaigh, aoise, míchumais, cine, treoshuímh ghnéasaigh, creidimh agus ballraíocht den Lucht Taistil
- cinnteoimid go mbeidh láithreáin Ghréasáin na CNCM de réir threoirlínte an Tionscnaimh um Inrochtaineacht Gréasáin le haghaidh láithreáin Ghréasáin phoiblí.
Aiseolas/Comhairliú
- leanfaimid de bheith ag dul i gcomhairle le leasa ábhartha agus dár bpróisis chomhairliúcháin a athbhreithniú agus a mheasúnú chun an t-ionchur is leithne is féidir a chinntiú sa chomhairle a ofráiltear don Aire Oideachais agus Scileanna
- féachfaimid le tuairimí ár mball foirne a fháil maidir le forbairt, seachadadh agus athbhreithniú ár seirbhísí
- aithneoimid bearta chun aiseolas a fháil ar na seirbhísí a chuireann an CNCM ar fáil.
Custaiméirí Inmheánacha
- cinnteoimid go mbeidh na caighdeáin a bheidh i bhfeidhm i gcás custaiméirí seachtracha i bhfeidhm chomh maith céanna i gcás custaiméirí inmheánacha
- cinnteoimid go gcomhlíonfaidh gach próiseas agus seirbhís lena mbeidh custaiméirí inmheánach bainteach forálacha na reachtaíochta comhionannais agus cothóimid cultúr meas ar éagsúlacht i measc ár gcustaiméirí inmheánacha
- déanfaimid soláthar le haghaidh forbairt agus oiliúint leanúnach ghairmiúil don fhoireann agus spreagfar iad le buntáiste a bhaint astu
- cuirfimid jabshonruithe i bhfocail, i gcomhar le baill aonair foirne agus a n-ionadaithe foirne, ina mbeidh spriocanna agus freagrachtaí soiléire agus cinnteoimid go mbeidh an fhoireann ar fad in ann iad a thuiscint.
Mr. Morgan Lockhart
Oifigeach na Seirbhíse do Chustaiméirí
An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta
24 Cearnóg Mhuirfean
Baile Átha Cliath 2
Guthán:+353 1 661 7177
Faics:+353 1 661 7180
Ríomhphost: :info@ncca.ie
Láithreán Gréasáin:www.ncca.ie
Mas maith leat, is féidir leat íosloadáil a dhéanamh ar Chairt na gCustaiméirí i bhfoirm pdf nó ár nuachtlitir do bhall ár gcoisdí - An Cóiméid. Cliceáil ar na naisc thíos faoi an teideal - foilseacháin.
Foilseacháin
An Cóiméad :Eagrán 5
An Cóiméad :Eagrán 4
An Cóiméad: Eagrán 3
An Cóiméad: Eagrán 2
An Cóiméad: Eagrán 1
Cairt na gCustaiméirí
Plean Gnímh do Sheirbhísí Custaiméirí 2004-2006 (125 kb)
Ár ndomhan fíorúil - treoir go www.ncca.ie (104KB); Alt ó info@ncca (Meán Fómhair 2009)
Achmhainní ar líne; Alt ó info@ncca (Meán Fómhair 2007)