I dTreo na Foghlama: forbhreathnú

 
Towardslearning

Is í an fhís de dhaoine óga cruthaitheacha, muiníneacha agus gníomhacha, atá réitithe le haghaidh todhchaí na foghlama, a thugann léargas ar fhorbairt ábhar agus cúrsaí nua agus ar athbhreithniú ar ábhair atá ann cheana. Leagtar amach an fhís sin, na luachanna ar a bhfuil sí bunaithe agus na prionsabail atá ag múnlú athbhreithniú agus forbairt churaclam agus mheasúnacht na sraithe sinsearaí in I dTreo na Foghlama. Tugtar eolas ann, freisin, ar churaclam na sraithe sinsearaí, ar phríomhscileanna, ar mheasúnacht agus ar theastasú, agus ar fhoghlaim sa tsraith shinsearach.

Eispéireas na sraithe sinsearaí

Is ar eispéireas oideachasúil an fhoghlaimeora a dhírítear agus na forbairtí uile á ndéanamh sa tsraith shinsearach. Cuirfidh an t-eispéireas sin ar chumas na bhfoghlaimeoirí a bheith seiftiúil agus muiníneach, páirt ghníomhach a ghlacadh sa tsochaí, suim a mhúscailt san fhoghlaim agus a bheith ábalta leanúint leis an bhfoghlaim ar feadh a saoil.