Gheofar ar shuíomh gréasáin Curaclam ar Líne gach curaclam, siollabas, treoirlíne agus creat reatha le haghaidh scoileanna agus suíomhanna oideachais eile in Éirinn, lena n-áirítear
- Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige
- Curaclam na Bunscoile
- Curaclam na Sraithe Sóisearaí
- Curaclam na Sraithe Sinsearaí.
Is é seo an príomhshuíomh gréasáin a bhaineann le forbairt curaclaim in Éirinn, agus gheofar an t-eolas seo a leanas air
- maidir leis an CNCM
- forbairtí reatha maidir le curaclam agus measúnú sa luath-óige, sa bhunscoil, sa tsraith shóisearach agus sa tsraith shinsearach
- eolas do thuismitheoirí
- foilseacháin agus tuarascálacha.
Is éard atá i gceist le ACTION ná nuálaíocht sa mheasúnú, sa churaclam agus sa teagasc ar an idirlíon. Gheofar ann
- gníomhaíochtaí samplacha teagaisc
- acmhainní tacaíochta: podchraoltaí, físeáin
- samplaí d’obair daltaí
- tionscadail ACTION: McF, EAL, Creat TFC, oideachas idirchultúrtha agus príomhscileanna ina measc.