Tá an CNCM ag obair le múinteoirí, le cleachtóirí luath-óige, le ceannairí scoile, le tuismitheoirí, le páistí, le comhlachtaí bainistíochta, le taighdeoirí agus le páirtithe leasmhara eile chun curaclam ardchaighdeáin, a thógann ar éachtaí a baineadh amach cheana féin, a fhorbairt. Cuirfear tús le comhairliúchán ar an dréachtchreat i dtreo dheireadh 2019. Tá trí phríomh-chomhpháirt mar chuid den phróiseas seo:
Athbhreithniú agus Athfhorbairt: Amlíne
Eanáir - Aibreán 2017 | Comhairliúchán maidir struchtur agus ama sa churaclam |
Eanáir 2018 | Foilsiú tuarascála |
Márta 2018 | An chéad seimineár - Athbhreithniú agus Athfhorbairt ar Churaclam na Bunscoile |
Márta - Aibreán 2018 | Glaoch ar rannpháirtíocht i bhFóram na Scoileanna |
Bealtaine 2018 | Cruinniú an Fhóraim |
Bealtaine 2018 | An dara seimineár - oideolaíochtaí cumhachtacha, léiriú comhtháthaithe agus an páirt a d’fhéadfadh a bheith ag inniúlachtaí agus eolais i gcuraclam athfhorbartha. |
Iúil 2018 | Cruinniú an Fhóraim |
Meán Fomhair 2018 | Cruinniú an Fhóraim |
Deireadh Fomhair 2018 | An triú seimineár - an chaoi go bhféadfadh curaclam na bunscoile leanúnachas agus dul chun cinn foghlamtha a thacú idir an réamhscoilaíocht agus na luath blianta sa bhunscoil. |
Deireadh Fomhair 2018 | Grúpaí Fócais na dTuismitheoirí |
Deireadh Fomhair 2018 | Cruinniú an Fhóraim |
Samhain 2018 | An cheathrú seimineáir - an chaoi a fhoghlaimíonn leanaí agus na himpleachtaí a bhaineann le cleachtas ranga / breithniú ar pheirspictíochtaí tuismitheoirí ar churaclam bunscoile |
Nollaig 2018 | Cruinniú an Fhóraim |
Eanáir 2019 | Cruinniú an Fhóraim |
Eanáir 2019 | An chúigiú seimineáir - achoimre ar churaclaim bunscoile idirnáisiúnta / plé ar cur síos ar cleachtais mheasúnaithe. |
Feabhra 2019 | Cruinniú an Fhóraim |
Márta 2019 | Cruinniú an Fhóraim |
Bealtaine 2019 | Cruinniú an Fhóraim |
Meitheamh 2019 | Cruinniú an Fhóraim |
Nollaig 2019 | Tuilleadh comhairliúcháin faoi churaclam athfhorbartha |
Más mian leat an scéala is déanaí a fháil faoi imeachtaí éagsúla a bhaineann leis an obair seo nó faoin gcomhairliúcháin a bheidh á reachtáil cláraigh, le do thoil, thíos:
Ó Eanair go Meitheamh 2017, tharla comhairliúchán fada fairsing ar mholtaí a bhaineann le struchtúr agus leithdháileadh ama sa churaclam bunscoile.
Ba é seo an chéad uair, i gceann is fiche bliain, go raibh deis ag na daoine a oibríonn sa bhunscolaíocht struchtúr an churaclaim a mheas, cad ba cheart a bheith ann agus conas a leithdháileadh am laistigh de. Táimíd an-bhuíoch díobh go léir a ghlac páirt sa chomhrá seo faoi fhorbairt an churaclaim bunscoile sa todhchaí.
Tugann an Tuarascáil Comhairliúcháin forbhreathnú mionsonraithe ar an bpróiseas comhairliúcháin ar fad agus tá sé ar fáil le híoslódáil anseo. Chomh maith le béim a chur ar phríomhthorthaí ón gcomhairliúchán, leagfaidh an tuarascáil seo na na chéad chéimeanna eile den obair amach, lena n-áirítear deiseanna breise duit páirt a ghlacadh agus do thuairimí a chur i láthair.
Le haghaidh achoimre ar an bpróiseas comhairliúcháin is féidir leat na Príomhthorthaí agus na chéad chéimeanna eile a íoslódáil
Achoimre fheidhmeach ar an tuarascáil deiridh
Cuireann an Tuarascáil Comhairliúcháin ahcoimre sonraithe ar fáil ar an brpóiséas go léir agus is féidir í a íosladáil anseo.
Idir Eanáir agus Aibreán 2017, ghlac go leor páistí, múinteoirí agus baill den phobal páirt i gcomhairliúchán ina gcuireadh san áireamh: Conas ba cheart struchtúr a chur ar ár gcuraclam bunscoile? An bhfuil sé ceart go mbainimid úsáid fós as ábhair ó naíonáin shóisearacha go rang a sé? An bhfuil bealach níos fearr ann chun dul i ngleic lenár n-úsáid ama ar fud an churaclaim?
Déanfar anailís anois ar thorthaí an chomhairliúcháin tosaigh agus bainfear úsáid astu chun treoir a mhapáil i gcomhair obair sa todhchaí ar athfhorbairt an churaclaim bhunscoile. Beidh nuashonruithe ar an obair seo ar fáil, mar sin, ná déan dearmad seiceáil isteach arís.
Is féidir leat féachaint ar imeachtaí ár gComhdháil Chomhairliúcháin i gCaisleán Bhaile Átha Cliath seo thíos.
Agus Curaclam na Bunscoile á athbhreithniú agus á athfhorbairt aici, tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ag cur ceisteanna tábhachtacha anois. Cén chuma a d'fhéadfadh a bheith ar churaclam athfhorbartha? Céard a d'fhéadfadh a bheith ann? Céard ba chóir a bheith ann maidir le teagasc agus foghlaim sna blianta atá amach romhainn? Idir Márta agus Aibreán 2018 tugadh cuireadh do dhaoine spéis a léiriú san fhóram. D’ainmnigh comhlachtaí bainistíochta, Cumann Múinteoirí Éireann agus Líonra Príomhoidí Bunscoile na hÉireann scoileanna, agus d’ainmnigh scoileanna iad féin freisin tríd an bhfoirm um Léiriú Spéise, a scaipeadh go forleathan, a líonadh isteach. Tháinig an fóram le chéile den chéad uair i mí na Bealtaine 2018. Gach scoil ar tugadh cuireadh dóibh a bheith ar an bhfóram, roghnaigh siad ainmní (múinteoir/ball den fhoireann bhainistíochta inscoile/príomhoide) chun ionadaíocht a dhéanamh don fhoireann ag cruinnithe an fhóraim a bhíonn ar siúl gach 4-6 seachtaine i gcaitheamh an téarma scoile. Tá spás gníomhach ar líne ann freisin áit a spreagtar baill chun taithí a roinnt, smaointe a ghiniúint agus freagairt do thaighde.
Tá an fóram ag cur deiseanna ar fáil don CNCM chun:
Tá an fóram ag cur deiseanna ar fáil do scoileanna chun:
Tá achoimre ghearr thíos ar na smaointe a cuireadh trí chéile ag cruinnithe an fhóraim go dtí seo.
Oideolaíocht agus comhtháthú
Cruinniú Fóraim 1 |
|
Cruinniú Fóraim 2 |
|
Cruinniú Fóraim 3 |
|
Cruinniú Fóraim 4 |
|
Cruinniú Fóraim 5 |
|
Cruinniú Fóraim 6 |
|
Cruinniú Fóraim 7 |
|
Cruinniú Fóraim 8 |
|
Cruinniú Fóraim 9 |
|
Cruinniú Fóraim 10 |
|
Cruinniú Fóraim 11 |
|
I gcaitheamh an dara snáithe den chuid seo, beidh an fóram ag obair ar bhealach forbarthach, ag baint triail as smaointe i dtaca le comhtháthú, leithdháileadh ama, etc ina gcomhthéacs féin agus ag tabhairt aiseolais don CNCM.
Tá an CNCM ag obair anois ar na chéad chéimeanna tábhachtacha eile in athfhorbairt Churaclam na Bunscoile.
Díríoidh na chéad ceimeanna eile den obair ar forbhreathnú an churaclam athfhorbartha
Is iad na na míreanna éagsúla don obair sin ná,
Tharla an chéad seimineár sa tsraith seo ar an 21ú Márta. Tháinig príomhoidí, cleachtóirí luath óige, múinteoirí, lucht déanta polasaithe agus taighdeoirí le chéile chun plé a dhéanamh ar aidhmeanna agus luachanna i gcuraclam athfhorbaithe.
Dr. Jones Irwin: Towards a Values-led Redevelopment of the Primary School Curriculum
Dr. Thomas Walsh: Towards an Overview for the Redeveloped Primary School Curriculum
Tharla an dara ceann den sraith seimineáir ar an 17 Bealtaine nuair a phléitear os cionn céad geallsealbhóirí ar oideolaíochtaí cumhachtacha, léiriú comhtháthaithe agus an páirt a d’fhéadfadh a bheith ag inniúlachtaí agus eolais i gcuraclam athfhorbartha.
Effective Pedagogies for a Redeveloped Primary School Curriculum Report Louis Volante
Tharla an triú seimineár den sraith ar an 3ú Deiridh Fomhair. Rinneadh machnamh ar an gcaoi go bhféadfadh curaclam na bunscoile leanúnachas agus dul chun cinn foghlamtha a thacú idir an réamhscoilaíocht agus na luath blianta sa bhunscoil. Tháinig cleachtóirí luath óige, múinteoirí, lucht déanta polasaithe agus taighdeoirí le chéile chun plé a dhéanamh ar na feidearachtaí do structúr churaclaim iomlánaíoch agus comhtháite don bhunscoil a thógfadh ar eispéiris réamhscoile na bpáistí. Thacaigh na páipéir dréachta a leanas leis an bplé: Investigation of preschool and early primary education provision for children from birth-8 years of age leis an OECD; The Preschool to Primary School Transition Initiative Final Report (NCCA, 2018) and The Transition to Primary Education: Insights from the Growing Up in Ireland Study (2018) leis an tOllamh Emer Smyth, Economic and Social Research Institute.
The Transition to Primary Education: Insights from the Growing Up in Ireland Study
Preschool to Primary School Transition Initiative Final Report
Tharla an cheathrú seimineáir den sraith ar an 29 ú Samhain.
Dhírigh an seimineár seo ar an gcaoi a fhoghlaimíonn leanaí agus na himpleachtaí a bhaineann le cleachtas ranga. Bunaiodh cainteanna ar an bpáipéar taighde 'Theoretical perspectives on children's learning and development: Crafting a Responsive Pedagogy for a Redeveloped Primary Curriculum', by Dr Emer Ring, Dr Lisha O'Sullivan, Marie Ryan and Patrick Burke ó Choláiste Mhuire. Phlé siad na chaoi a d'fhéadfadh curaclam athfhorbartha smaoineamh nua a chur san áireamh maidir le conas a fhoghlaimíonn agus a bhforbraíonn leanaí le linn na mblianta bunscoile
Thug an dara cuid den seimineár breithniú ar pheirspictíochtaí tuismitheoirí ar churaclam bunscoile athfhorbartha. Cuireadh torthaí i láthair ó chruinnithe fócais an CNCM le tuismitheoirí ar fud na tíre (Deireadh Fómhair 2018). D'fhreagair painéal tuismitheoirí ceisteanna agus roinnigh siad a gcuid tuairimí aus a gcuid dóchaisí le haghaidh curaclam athfhorbartha.
Tharla an chúigiú seimineáir den sraith ar an 31ú Eanair. Tháinig níos mó ná 120 geallsealbhóir le chéile chun machnamh agus plé a dhéanamh ar thosaíochtaí do churaclam athfhorbaithe. Thug Sharon O’ Donnell cur i láthair a rinne achoimre ar churaclaim bunscoile idirnáisiúnta. Sa dara chuid den seimineár rinne Dr Zita Lysaght agus Prof Michael O’Leary cur síos ar an bpáipéar ‘“All for Learning": Aligning Assessment, Learning and Teaching in Curricular Reform and Implementation’.
Aligning Assessment, Learning, and Teaching in Curricular Reform and Implementation
© 2019 An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Gach ceart ar cosaint.