Beartas na Meán Sóisialta

Feidhmíonn CNCM cuntais X, FacebookInstagram agus Linkedin a bhainistíonn foireann na Meán Sóisialta ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta.

Pléifidh na postálacha ar fad forbairtí i gcuraclaim agus measúnú agus taighde gaolmhar agus obair le suíomhanna luath-óige, scoileanna agus múinteoirí/cleachtóirí mar aon le haird a tharraingt ar imeachtaí a reáchtáil foireann CNCM nó ar fhreastail an fhoireann orthu.

Nuashonrófar ár gcuntais ar na Meáin Shóisialta le linn uaireanta oifige, ó Luan go hAoine, agus déanfar monatóiriú orthu lena linn sin. Ach foilseoimid postálacha uaireanta faoi ócáidí agus ó ócáidí lasmuigh de na huaireanta sin. Fáiltímid agus léifimid gach @teachtaireacht agus postáil. Ach ní bheidh sé ar ár gcumas freagra a thabhairt ar gach ceann acu.

Ná cuir eolas pearsanta/príobháideach i do phostálacha chugainn. Is ar mhaithe le cosaint do shonraí pearsanta agus príobháideacha a mholtar sin.
Má leanann tú muid, b’fhéidir nach leanfaimis ar ais thú go huathoibríoch. Déantar sin chun cabhrú lenár lucht leanúna cuntais eile atá á leanúint againne a bhféadfadh suim a bheith acu féin iontu a fheiceáil. Má leanaimid cuntas ar na Meáin Shóisialta, ní chuireann sé tacaíocht in iúl. Má stopaimid ag leanúint cuntais, nílimid ach ag cur slacht ar ár n-amlíne.

Gheobhadh go n-úsáidfí Atvuíteáil, ‘Is maith liom’ agus Roinnt chun béim a chur ar fhógraí ábhartha, go háirithe iad siúd ó chomhlachtaí Rialtais agus eagraíochtaí oideachais eile. Ní thugann Atvuíteáil, ‘Is maith liom’ ná Roinnt tacaíocht le fios. Mar ghníomhaireacht státseirbhíse, ní bheimid páirteach in aon díospóireachtaí ná plé de chuid páirtí polaitíochta.

Má sheoltar teachtaireacht trí chuntas ar na Meáin Shóisialta, ní mheasfar gur ionann é agus dul i dteagmháil le CNCM d’fheidhmeanna oifigiúla. Más gá duit teagmháil a dhéanamh linn d’fheidhm oifigiúil nó má tá eolas de dhíth ort seol ríomhphost chugainn ag info@ncca.ie más é do thoil é, nó seiceáil ár suíomh gréasáin – www.ncca.ie.

An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, Meitheamh 2020.