Seirbhís do Chustaiméirí

Is príomhthosaíocht í seirbhís den scoth a thabhairt do chustaiméirí do CNCM. Leagann an Chairt do Chustaiméirí leibhéal na seirbhíse amach ar féidir le custaiméirí a bheith ag súil leis agus iad ag plé le CNCM. Forbraíonn an Plean Gníomhaíochta Custaiméirí na tiomantais agus na caighdeáin sin, agus tugann sé breac-chuntas ar an gcaoi ar féidir iad a bhaint amach thar an tréimhse a mhairfidh an plean.

Is príomhthosaíocht í seirbhís den scoth a thabhairt do chustaiméirí do CNCM.