Children’s School Lives (CSL)

An staidéar náisiúnta fadaimseartha cohóirt ar an mbunoideachas in Éirinn.

Children’s School Lives (CSL)

Is staidéar spreagúil náisiúnta fadaimseartha cohóirt ar an mbunoideachas in Éirinn é Children’s School Lives (CSL)Seoladh an staidéar ar an 25 Deireadh Fómhair 2018 agus leanfar thar ar 4,000 páiste in 189 scoil i rith na mblianta a chaitheann siad ar an mbunscoil. Is é seo an tríú bliain den staidéar ina n-úsáidtear suirbhéanna agus agallaimh le páistí, múinteoirí agus tuismitheoirí, chomh maith le breathnóireachtaí sa seomra ranga, agus tabharfaidh an staidéar ceannródaíoch seo léargais shaibhre agus ghéarchúiseacha ar thaithí páistí ar an mbunscoil ar fud na hÉireann. Taispeánfaidh an staidéar freisin an chaoi a múnlaíonn an taithí sin scoileanna, agus a múnlaíonn na scoileanna an taithí, mar phobail, institiúidí agus mar chóras.

Tá ról lárnach ag an taighde in obair forbartha curaclaim uile CNCM ar leibhéal na luathbhlianta, na bunscoile agus na hiar-bhunscoile. Tá taithí páistí, agus dearcthaí a múinteoirí, bhainistíocht na scoile agus a dtuismitheoirí ar a dtarlaíonn ar scoil ina gcuid thábhachtach den chleachtas a nascadh leis an mbeartas náisiúnta. Tá teideal an staidéir, Children’s School Lives, an-fheiliúnach, agus cuirfidh an staidéar bonn eolais faoi obair CNCM chun curaclam na bunscoile a athbhreithniú agus a nuashonrú chun a chinntiú go leanfaidh sé ar aghaidh ag soláthar bonn láidir inár mbunscoileanna don teagasc agus don fhoghlaim. Gach seans go gcabhróidh na torthaí le scoileanna freisin chun a mbeartais agus a gcleachtais féin a athbhreithniú agus a fhorbairt tuilleadh.

Tá an staidéar á dhéanamh ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Cuireadh tús leis an gcéad tonn de shonraí a bhailiú i Ráithe 1, 2019.

  • Tugann Tuarascáil 1 (2020) eolas dúinn ar na páistí agus ar na scoileanna atá taobh thiar de Shaol Scoile Páistí
  • Is é an teideal atá ar Thuarascáil 2 (2020) Eispéiris ar an Teagasc agus Foghlaim Chianda in Éirinn le linn na Paindéime COVID-19 (Márta - Bealtaine 2020) agus tugann sí léargas dúinn ar thionchar dhúnadh fada na scoileanna níos luaithe i mbliana ar pháistí, ar thuismitheoirí, ar mhúinteoirí agus ar cheannairí scoile
  • Tugann Tuarascáil 3 (2021) sonraí faoi Shaol Scoile Páistí sna Naíonáin Shóisearacha agus dírítear ann ar na páistí is óige sa staidéar. Tagann na dearcthaí ar fad a bailíodh ó na páistí iad féin, óna dteaghlaigh, óna múinteoirí agus óna bpríomhoidí scoile, tagann na dearcthaí sin ar fad le chéile chun léargas saibhir, sonraithe a thabhairt dúinn ar an gcéad bhliain a bhíonn ag na páistí ar scoil.
  • Díríodh Tuarascáil 4 (2022) Saol Scoile Páistí: An tAistriú ó Réamhscolaíocht go Bunscolaíocht ar an aistriú ón réamhscoil go dtí an bhunscoil; ní hamháin gur imeacht tábhachtach é i saol na bpáistí, ach i saol a dteaghlach chomh maith.
  • Foilsíodh Tuarascáil 5 (2023): Saol Scoile Páistí: Oideolaíochtaí Bunscoile: Eispéiris na bpáistí agus na múinteoirí le cleachtais oideolaíochta i mbunscoileanna in Éirinn 2019 – 2022 ar an 20 Meitheamh 2023. Is í seo an chéad tuarascáil ilchohóirt, agus baineann sí úsáid as sonraí ó na chéad cheithre bliana den staidéar. Cuireann sí léargas uathúil, saibhir ar fáil ar an saol ó rang na naíonán sóisearach go dtí rang a cúig agus freagraíonn sí do dhá cheist lárnacha idirnasctha: a) cén chaoi a bhfuil sé le bheith mar fhoghlaimeoir i seomra ranga bunscoile? agus b) céard is cúis leis an méid a dhéanann múinteoirí sa seomra ranga?
  • Tuarascáil 6 (2023) Saol na Leanaí ar Scoil. Cuireann an tuarascáil seo i láthair na torthaí ó iniúchadh domhain ar an taithí a bhíonn ag leanaí ar churaclam agus ar mheasúnú ina saol laethúil agus de réir mar a théann siad ar aghaidh tríd an mbunscoil.

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Children's School Lives anseo.