Ag Tacú leis an Athrú

Tá tionchar an athraithe curaclaim le brath ag gach duine inár gcóras oideachais. Gné thábhachtach d'obair NCCA is ea tacú le hobair na bpáirtithe leasmhara le linn amanna an athraithe curaclaim. Is éard atá i gceist leis an obair seo ná comhoibriú agus rannpháirtíocht le linn an phróisis chun athrú curaclaim a athbhreithniú, a fhorbairt, a achtú agus a chothú. Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt d'athfhorbairt Churaclam na Bunscoile, thionóil NCCA roinnt imeachtaí agus gníomhaíochtaí a thacaíonn le rannpháirtíocht páirtithe leasmhara. Ina measc seo tá imeacht BEACONS le Pobail Scoile, Seimineáir Curaclaim, an tSraith Seimineáir Tosaigh Amach agus Painéal Comhairleach a bhunú.

Tacú le hathrú curaclam bunscoile ar fud an chórais

Tá sé mar aidhm ag an gcáipéis seo tacú le cinnteoireacht agus gníomh comhoibríoch agus
comhchoiteann de réir mar a oibríonn gach páirtí leasmhar in earnáil na bunscoile le chéile chun
tacú le hathrú curaclaim agus é a threorú.

Is féidir an doiciméad a fháil anseo

Tá sraith seimineár curaclaim á reáchtáil ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta chun tacú le forbairt sonraíochtaí curaclaim bunscoile. Is deis iad na seimineáir do na comhpháirtithe oideachais agus na páirtithe leasmhara machnamh a dhéanamh ar na príomhphointí a eascraíonn as na páipéir thaighde agus na pointí seo ó dhearcthaí éagsúla a phlé agus a chíoradh. Cuimsíonn gach seimineár eochairchuir i láthair agus díospóireachtaí painéil atá dírithe ar ghnéithe tábhachtacha d'fhorbairt sonraíochtaí curaclaim bunscoile.  

Seimineár 1 

Reáchtáladh an chéad Seimineár: Curaclam á Athshamhlú ar an 22 Márta 2023 nuair a phléigh na comhpháirtithe oideachais agus na páirtithe leasmhara réimsí curaclaim an Oideachais Shóisialta agus Imshaoil amach anseo agus; Oideachas Ealaíon i gCuraclam Bunscoile athfhorbartha. 

Léigh an tuarascáil ó Sheimineár 1 

Seimineár 2 

Reáchtáladh an dara Seimineár: Curaclaim á Athshamhlú ar an 17 Bealtaine 2023 nuair a phléigh na comhpháirtithe oideachais agus na páirtithe leasmhara réimsí curaclaim Folláine agus; Oideachas ETIM i gCuraclam Bunscoile athfhorbartha. 

 

Seimineár 3

Bhí an tríú seimineár ar Athshamhlú Curaclaim ar siúl ar an 4ú Deireadh Fómhair 2023. Bhí cur i láthair ón Dr. Patrick Burke agus ón Dr. Paula Lehane, Institiúid Oideachais, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ar na tuarascálacha ar Chomhtháthú, Oideolaíocht agus Measúnú agus ón Ollamh Dympna Devine, Scoil an Oideachais, Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ar an staidéar Children's School Lives.

 

Integration, Pedagogy and Assessment by Dublin City University Play Integration, Pedagogy and Assessment by Dublin City University Integration, Pedagogy and Assessment by Dublin City University
Children's School Lives by University College Dublin Play Children's School Lives by University College Dublin Children's School Lives by University College Dublin
Panel Discussion (1) Play Panel Discussion (1) Panel Discussion (1)

BEACONS (Bringing Education Alive for Communities on a National Scale) 

I mí an Mhárta 2022, reáchtáil CNCM ócáid BEACONS i gcomhar leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Thug an ócáid seo deis do raon páirtithe leasmhara lena n-áirítear páistí, tuismitheoirí, múinteoirí, ceannairí scoile agus eagraíochtaí náisiúnta teacht le chéile agus a gcuid dearcthaí, tuairimí agus smaointe a roinnt ar thodhchaí Churaclam Bunscoile na hÉireann.

Trí chliceáil ar an íomhá thíos is féidir féachaint ar thuairisc agus físeán a bhaineann le gníomhaíochtaí an lae.

Is féidir teacht ar an tuarascáil BEACONS-Ó Chuspóir go Cleachtas anseo

Cliceáil ar lár an íomhá BEACONS thíos chun féachaint ar an bhfíseán.

 

BEACONS - From Purpose to Practice Play BEACONS - From Purpose to Practice

Chun tacú le hathfhorbairt Churaclam na Bunscoile bunaíodh Painéal Comhairleach (Bunscoil).

Is doiciméad comhoibríoch é Ó Chuspóir go Cleachtas a eascraíonn as obair an CNCM leis an bPainéal Comhairleach (Bunscoil) agus tá sé beartaithe go dtacóidh sé le páirtithe leasmhara a bheith rannpháirteach leis na ‘smaointe móra’ a bhaineann le hathrú an churaclaim.

Forbraíodh gearrfhíseáin ina bhfuil na príomhsmaointe ón doiciméad iontu. Is féidir rochtain a fháil orthu sa doiciméad é féin agus thíos.

Overview of Primary Curriculum Review and Redevelopment Play Overview of Primary Curriculum Review and Redevelopment Overview of Primary Curriculum Review and Redevelopment
The Links between Curriculum, Pedagogy and Assessment Play The Links between Curriculum, Pedagogy and Assessment The Links between Curriculum, Pedagogy and Assessment
Agency Play Agency Agency
Aligning Policy, Practice and Research Play Aligning Policy, Practice and Research Aligning Policy, Practice and Research
Leadership Play Leadership Leadership
Systemwide Learning Play Systemwide Learning Systemwide Learning

Bhain CNCM agus ár bpáirtithe leasmhara leas as a bheith ag obair le gníomhaireachtaí seachtracha agus le daoine lárnacha le blianta beaga anuas. Chun tacú le hathfhorbairt Churaclam na Bunscoile, bunaíodh Painéal Comhairleach. Roghnaíodh baill an phainéil go cúramach agus aird ar a gcuid saineolais, a spéiseanna taighde reatha agus roimhe seo, a dtaithí nó a rannpháirtíocht i bpróisis athraithe curaclaim, a gcuid eolais agus/nó a dtaithí ar chórais oideachais, agus an cur amach atá acu ar chomhthéacs na hÉireann.

Is iad seo a leanas an ceathrar atá ar an bpainéal:

Bhí an painéal ag obair go dtí seo le CNCM chun topaicí ar nós 'tacaíocht agus solúbthacht', 'ailíniú agus comhleanúnachas beartais', 'oideolaíocht agus measúnú' agus 'coinníollacha a chothú chun tacú leis an athrú' a fhiosrú. Leanfar le hobair an phainéil in 2023 agus leanfar ina dhiaidh sin le foilseacháin a bhaineann leis an obair sin.

Tá an Sraith Seimineár Leading Out deartha chun tacú le heagraíochtaí geallsealbhóirí na coinníollacha riachtanacha a aithint agus a thionscnamh chun tacú le tabhairt isteach agus achtú an Churaclaim Bhunscoile athfhorbartha. Bhí seacht seimineár go dtí seo ag díriú ar 'dhálaí fabhracha maidir le hathrú curaclaim', 'tacaíocht agus solúbthacht','ailíniú agus comhleanúnachas beartais' , 'ceannaireacht ar fud an chórais' , ‘foghlaim ar fud an chórais’ agus 'gníomhú agus féiniúlacht an mhúinteora'.

Gheobhaidh tú tuairisc ghairid ar imeachtaí gach seimineáir thíos.

Seimineár 1: Tuarascáil agus Cur i láthair.

Seimineár 2: Tuarascáil agus Cur i láthair.

Seimineár 3: Tuarascáil, Cur i Láthair agus Podchraoladh.

Seimineár 4: Tuarascáil, Cur i Láthair agus Podchraoladh.

Seimineár 5: Tuarascáil agus Cur i láthair.

Seimineár 6: Tuarascáil agus Cur i láthair.

Seimineár 7: TuarascáilCur i láthair agus físeán 1físeán 2.

Gheobhaidh tú liosta anseo freisin de na heagraíochtaí páirtithe leasmhara a bhí ag gabháil don tsraith go dtí seo.

Reáchtáil CNCM cúig sheimineár faoin gcuraclam idir mí an Mhárta 2018 agus mí Eanáir 2019. Tugadh cuireadh do chomhpháirtithe oideachais agus do pháirtithe leasmhara i gcoitinne freastal orthu. I gcás cuid mhór de na múinteoirí, na ceannairí scoile agus na cleachtóirí luath-óige a d'fhreastail orthu, ba bhaill iad den Fhóram Scoileanna. Ag na seimineáir, bhí an deis ag na rannpháirtithe machnamh a dhéanamh ar na príomhphointí a tháinig as na páipéir thaighde, agus na pointí sin a phlé agus a chíoradh ó pheirspictíochtaí difriúla. Ag gach seimineáir, cuireadh eochairléirithe i láthair a bhí dírithe ar ghnéithe tábhachtacha de churaclam bunscoile. Aithnítear sa tuarascáil seo seacht téamaí a tháinig chun cinn sna chúig sheimineár maidir le hathfhorbairt an churaclaim. Seo a leanas na cúig sheimineár:

Seimineár 1 - Cuspóir an churaclaim

Tharla an chéad seimineár sa tsraith seo 'Cuspóir an churaclaim' ar an 21ú Márta 2018. Tháinig príomhoidí, cleachtóirí luath óige, múinteoirí, lucht déanta polasaithe agus taighdeoirí le chéile chun plé a dhéanamh ar aidhmeanna agus luachanna i gcuraclam athfhorbaithe.

 

Jones.PNG Play Overview Dr. Jones Irwin Dr. Jones Irwin
Dr Thomas Walsh.PNG Play Overview Dr. Thomas Walsh Dr. Thomas Walsh
Panel discus.PNG  Plé painéil: Ag machnamh ar an bhfoghlaim

Seimineár 2 - Oideolaíochtaí Cumhachtacha

Tharla an dara ceann den sraith seimineáir 'Oideolaíochtaí Cumhachtacha' ar an 17ú Bealtaine 2018 nuair a phléitear os cionn céad geallsealbhóirí ar oideolaíochtaí cumhachtacha, léiriú comhtháthaithe agus an páirt a d'fhéadfadh a bheith ag inniúlachtaí agus eolais i gcuraclam athfhorbartha.

Wise.PNG Play Overview Professor Dominic Wyse Professor Dominic Wyse
Louis.PNG Play Overview Professor Louis Volante Professor Louis Volante
Dr Karen.PNG Play Overview Dr Karen Bacon Dr Karen Bacon
Carol.PNG Play Overview Professor Carol McGuinness Professor Carol McGuinness

Seimineár 3 - Dearcadh nua

Tharla an triú seimineár den sraith ar an 3ú Deiridh Fomhair 2018. Rinneadh machnamh ar an gcaoi go bhféadfadh curaclam na bunscoile leanúnachas agus dul chun cinn foghlamtha a thacú idir an réamhscoilaíocht agus na luath blianta sa bhunscoil.

Dr Ale.PNG Play Overview Dr. Alejandra Cortazar Dr. Alejandra Cortazar
Harold.PNG Play Overview Dr. Harold Hislop Dr. Harold Hislop
Bernie.PNG Play Overview Bernie McNally Bernie McNally

Seimineár 4 - Turais foghlama a fheabhsú

Tharla an cheathrú seimineáir den sraith ar an 29ú Samhain 2018. Dhírigh an seimineár seo ar an gcaoi a fhoghlaimíonn leanaí agus na himpleachtaí a bhaineann le cleachtas ranga. Thug an dara cuid den seimineár breithniú ar pheirspictíochtaí tuismitheoirí ar churaclam bunscoile athfhorbartha. Cuireadh torthaí i láthair ó chruinnithe fócais an CNCM le tuismitheoirí ar fud na tíre (Deireadh Fómhair 2018).

Crafting.PNG Play Overview Professor Emer Ring, Dr Lisha O'Sullivan, Marie Ryan and Patrick Burke Professor Emer Ring, Dr Lisha O'Sullivan, Marie Ryan and Patrick Burke
Parents.PNG Play Overview Parents' panel discussion Parents' panel discussion

Seimineár 5 - Ag pleanáil an turais chun cinn

Tharla an chúigiú seimineáir den sraith ar an 31ú Eanáir 2019. Tháinig níos mó ná 120 geallsealbhóir le chéile chun machnamh agus plé a dhéanamh ar thosaíochtaí do churaclam athfhorbaithe. Scrúdaigh an chéad chuid den seimineár ábhar curaclaim bunscoile athfhorbartha, agus dhírigh an dara cuid den seimineár ar mheasúnú. Scrúdaigh an lucht freastail conas a d'fhéadfadh curaclam athfhorbartha machnamh a dhéanamh ar smaointeoireacht nua maidir le measúnú sa bhunscoil.

Aligning.PNG Play Overview Professor Michael O'Leary and Dr Zita Lysaght Professor Michael O'Leary and Dr Zita Lysaght
International.PNG Play Overview Sharon O'Donnell Sharon O'Donnell