Curaclam Matamaitice na Bunscoile nua foilsithe

Curaclam Matamaitice na Bunscoile nua foilsithe

07 Meán Fómhair, 2023

Curaclam Matamaitice na Bunscoile nua foilsithe

Sna sála ar sheoladh Chreatchuraclam na Bunscoile i mí an Mhárta i mbliana, tá Curaclam Matamaitice na Bunscoile foilsithe anois. Tá leagtha amach sa churaclam fís úr d’fhoghlaim mhatamaiticiúil páistí a bhfuil de shaintréithe inti spraíúlacht, cruthaitheacht, dúshlán, dul sa seans, comhoibriú agus deiseanna le haghaidh réasúnaíochta agus chun fadhbanna fíorshaoil a réiteach.

Bhain taighde, comhairliúchán, plé agus dlúth-chomhoibriú le scoileanna le forbairt an churaclaim. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcaoi ar forbraíodh an curaclam úr, tabhair cuairt ar https://ncca.ie/ga/bunscoil/bunfhorbairt%C3%AD/oideachas-etim/curaclam-matamaitice/.

Chun tacú le múinteoirí an curaclam nua a úsáid, tá raon tacaíochtaí san Tacar Uirlisí Matamaitice na Bunscoile, lena n-áirítear coincheapa matamaiticiúla, contanaim dul chun cinn, ábhair thacaíochta agus samplaí d’fhoghlaim páistí. Tá an tsonraíocht churaclaim úr, mar aon le Tacar Uirlisí Matamaitice na Bunscoile, foilsithe anois ar https://www.curriculumonline.ie/Primary/Curriculum-Areas/Mathematics/?lang=ga-ie.