Ceimic

Is é is aidhm leis an gCeimic san Ardteistiméireacht ná spéis agus sult foghlaimeoirí a spreagadh agus a chothú sa Cheimic ach tuiscint a fhorbairt ag an am céanna ar na bunphrionsabail taobh thiar de fheiniméin cheimiceacha atá mar bhunús léi. Bainfidh foghlaimeoirí úsáid as a gcuid eolais agus tuisceana ar an gceimic chun ceisteanna eolaíochta a chur, chun fadhbanna eolaíochta a shainmhíniú, agus bainfidh siad úsáid as argóintí agus smaointe eolaíochta chun an dóigh ar baineadh úsáid as staidéar agus cleachtas ar an gceimic chun leasa an chine dhaonna.

Tá an Dréachtsonraíocht do Cheimic na hArdteistiméireachta ceadaithe do chomhairliúchán poiblí.

Cabhróidh an t-aiseolas ón gcomhairliúchán seo le bonn eolais a chur faoi obair Ghrúpa Forbartha Ceimice na hArdteistiméireachta chun an dréachtsonraíocht a bheachtú sula gceadófar agus sula bhfoilseofar í go críochnaitheach.

Tá sonraíocht nua á forbairt le haghaidh Cheimic na hArdteistiméireachta faoi láthair.

Tá an tsonraíocht churaclaim le foilsiú in earrach 2022.

Tá an chéad chéim de chomhairliúchán poiblí CNCM maidir leis an dréacht-Cháipéis Eolais agus an treoir don athbhreithniú ar Fhisic, Ceimic agus Bitheolaíocht na hArdteistiméireachta dúnta. Tá an cháipéis eolais agus an tuarascáil chomhairliúcháin ar fáil le híoslódáil thíos:

Reáchtáladh an cruinniú ionduchtúcháin don mheitheal forbartha nua le haghaidh Cheimic na hArdteistiméireachta ar an 13 Meán Fómhair 2019 i mBaile Átha Luain agus reáchtálfar sraith cruinnithe sna míonna ina dhiaidh sin.

Is féidir teacht ar chuir síos bheaga chomhaontaithe ar na cruinnithe a tharla go dtí seo anseo thíos:

 

Tá sonraíocht nua le haghaidh Cheimic na hArdteistiméireachta á forbairt faoi láthair. Tá an siollabas reatha ar fáil anseo. Déantar é a mheas ar Ghnáthleibhéal agus ar Ardleibhéal.

Cuireadh tús le forbairt sonraíochta le haghaidh Cheimic don Ardteistiméireacht i mí na Samhna 2006. Foilsíodh an dréachtsonraíocht le haghaidh comhairliúcháin in 2012. Tá an tuarascáil chomhairliúcháin ar fáil anseo.

 

Áiríodh sa tsonraíocht sin don cheimic moladh le haghaidh measúnú praiticiúil. Rinne Coimisiún na Scrúduithe Stáit triail ar an measúnú praiticiúil agus críochnaíodh é in 2018. Rinneadh athbhreithniú ar an dréachtsonraíocht i bhfianaise na trialach agus na gcomhairliúchán ach níor cuireadh i bhfeidhm é.

Bhí ionadaithe i Meitheal Forbartha na Ceimice ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit.