Fisic

Is é is aidhm leis an bhfisic san Ardteistiméireacht ná spéis agus sult foghlaimeoirí a spreagadh agus a chothú san fhisic ach tuiscint a fhorbairt ag an am céanna ar na bunphrionsabail taobh thiar de fheiniméin cheimiceacha atá mar bhunús léi. Bainfidh foghlaimeoirí úsáid as a gcuid eolais agus tuisceana ar an bhfisic chun ceisteanna eolaíochta a chur, chun fadhbanna eolaíochta a shainmhíniú, agus bainfidh siad úsáid as argóintí agus smaointe eolaíochta chun an dóigh ar baineadh úsáid as staidéar agus cleachtas ar an bhfisic chun leasa an chine dhaonna.

Tá an Dréachtsonraíocht d'Fhisic na hArdteistiméireachta ceadaithe do chomhairliúchán poiblí.

Cabhróidh an t-aiseolas ón gcomhairliúchán seo le bonn eolais a chur faoi obair Ghrúpa Forbartha Fisice na hArdteistiméireachta chun an dréachtsonraíocht a bheachtú sula gceadófar agus sula bhfoilseofar í go críochnaitheach.

Tá sonraíocht nua á forbairt le haghaidh Fhisic na hArdteistiméireachta faoi láthair.

Tá an tsonraíocht churaclaim le foilsiú in earrach 2022.

Tá an chéad chéim de chomhairliúchán poiblí CNCM maidir leis an dréacht-Cháipéis Eolais agus an treoir don athbhreithniú ar Fhisic, Ceimic agus Bitheolaíocht na hArdteistiméireachta dúnta. Tá an cháipéis eolais agus an tuarascáil maidir leis an gcomhairliúchán le fáil le híoslódáil thíos:

Reáchtáladh an cruinniú ionduchtúcháin don mheitheal forbartha nua le haghaidh Cheimic na hArdteistiméireachta ar an 13 Meán Fómhair 2019 i mBaile Átha Luain agus reáchtálfar sraith cruinnithe sna míonna ina dhiaidh sin.

Is féidir teacht ar chuir síos bheaga chomhaontaithe ar na cruinnithe a tharla go dtí seo anseo thíos:

Tá sonraíocht nua Fisice na hArdteistiméireachta á forbairt. Tá an siollabas reatha ar fáil anseo. Déantar é a mheas ar Ghnáthleibhéal agus ar Ardleibhéal.

Cuireadh tús le forbairt sonraíocht nua na Fisice don Ardteistiméireacht i mí na Samhna 2006. Foilsíodh an dréachtsonraíocht le haghaidh comhairliúcháin in 2009. Tá an tuarascáil chomhairliúcháin ar fáil anseo

Áirítear i sonraíocht nua na Fisice moladh le haghaidh measúnú praiticiúil. Rinne Coimisiún na Scrúduithe Stáit triail ar an measúnú praiticiúil agus críochnaíodh é in 2018. Rinneadh athbhreithniú ar an dréachtsonraíocht i bhfianaise na trialach agus na gcomhairliúchán ach níor cuireadh i bhfeidhm é.

Tá ionadaithe i nGrúpa Forbartha na Fisice ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit.