Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) na Sraithe Sinsearaí

Tá tús curtha le curaclam úr d’Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte na Sraithe Sinsearaí a fhorbairt.

Ag eascairt as an athbhreithniú ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna, sainaithníodh an gá atá le curaclam an Oideachais Shóisialta, Phearsanta agus Sláinte a nuashonrú ina eochairthosaíocht. Tosaíodh ar an obair nuashonraithe seo le OSPS na Sraithe Sóisearaí, agus tá sí dírithe anois ar athfhorbairt churaclam OSPS na Sraithe Sinsearaí.

Dréachtsonraíocht OSPS na Sraithe Sinsearaí

Bhí an comhairliúchán ar dhréachtsonraíocht OSPS na Sraithe Sinsearaí oscailte ón 12 Iúil go dtí an 3 Samhain, 2023. Go raibh maith agat do gach duine a thug am chun aiseolas a sholáthar. Foilseofar tuarascáil ar an gcomhairliúchán in 2024.

Dréachtsonraíocht OSPS na Sraithe Sinsearaí

Cáipéis Eolais agus Treoir don athfhorbairt ar OSPS na Sraithe Sinsearaí

Uirlisí Úsáideacha ar líne OSPS

Tá Uirlisí Úsáideacha ar líne ar fáil a thacaíonn le múinteoirí agus iad rannpháirteach sa churaclam OSPS. 

Tá ionadaithe ar an Meitheal Forbartha OSPS na Sraithe Sinsearaí ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta agus an Roinn Oideachais. Tá tuarascálacha ó chruinnithe na meithle forbartha ar fáil thíos.

Nóta Cruinnithe Samhain 2022

Nóta Cruinnithe Nollaig 2022

Nóta Cruinnithe Eanáir 2023

Nóta cruinnithe Márta 2023

Nóta Cruinnithe Aibreán 2023

Nóta cruinnithe Bealtaine 2023

Ar iarratas ón Aire Oideachais, rinne CNCM athbhreithniú mór ar OCG i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna. Cuireadh tús leis an athbhreithniú i mí Meithimh 2018. San athbhreithniú, rinneadh scrúdú ar an gcuraclam OCG, ar an gcur chuige i leith an teagaisc agus na foghlama, ar thacaíochtaí a bhí ag teastáil, agus ar bhealaí chun an t‑eispéireas OCG a fheabhsú don scoláire.

Bhí rannpháirtíocht shuntasach i gceist leis an athbhreithniú, rud a thaispeánann spéis na ndaoine i leith na gné seo den oideachas. Bhí scoláirí, tuismitheoirí, múinteoirí, ceannairí scoile agus eagraíochtaí páirteach san athbhreithniú, agus iad ag súil le léirthuiscint iomlán a fháil ar riachtanais na ndaoine óga agus t-eispéireas OCG atá acu. Rinneadh an t-athbhreithniú ina dhá chéim.

Tharla an chéad chéim idir mí an Mheithimh 2018 agus mí an Mhárta 2019. Bhí rannpháirtíocht fhorleathan i gceist leis an gcéim seo den chomhairliúchán. Le comhairliúchán leathan mar bhunús, d’ullmhaigh CNCM Dréacht-Tuairisc ar an Athbhreithniú ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) i mBunscoileanna agus in Iar-Bhunscoileanna agus chuir siad tús leis an dara céim den chomhairliúchán ó mhí Iúil go mí Dheireadh Fómhair 2019. Bunaíodh an comhairliúchán seo ar mholtaí sa dréacht-Tuairisc lena n-áirítear; an chomhairle mholta i gcomhair an chuir chuige OCG amach anseo, moltaí maidir le forbairtí curaclaim sa todhchaí, na coinníollacha riachtanacha le haghaidh OCG éifeachtach agus ceisteanna eile. Bailíodh aiseolas trí shuirbhé ar líne, trí aighneachtaí scríofa agus trí shiompóisiam comhairliúcháin.

Tuairisc  ar an Athbhreithniú ar OCG

Páipéar Taighde 

Ar mhaithe le tacaíocht a thabhairt do na rannpháirtithe a raibh fonn orthu páirt a ghlacadh san athbhreithniú, d’fhorbair Oll Mark Morgan, Dr Seline Keating agus Dr Bernie Collins, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, páipéar taighde. Soláthraíonn an páipéar comhthéacs stairiúil don athbhreithniú, forléargas ar chuir chuige chomhaimseartha i leith OCG, chomh maith le léargais ar eispéireas na múinteoirí, na dtuismitheoirí agus na scoláirí ar ndóigh.

Guth an Scoláire

D’eagraigh CNCM cruinnithe grúpa fócais le scoláirí bunscoile agus iar-bhunscoile thar 23 scoil. Faightear a gcuid tuairimí sa dréacht-Tuairisc, i gcaibidil 2, lgh. 14-25. De bhreis air sin, d’eagraigh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige (RLGÓ) imeacht comhairliúcháin aon lae, le 77 ionadaí de chuid Chomhairle na nÓg i láthair ann. 

Aighneachtaí Scríofa

Cliceáil anseo chun rochtain a fháil ar aighneachtaí scríofa a fuarthas i rith an dá thréimhse den chomhairliúchán OCG (2018-19) mar a leagtar amach thuas.

Chun rochtain a fháil ar fhorbairtí i dtaca le curaclam OSPS na bunscoile, cliceáil  anseo

Chun rochtain a fháil ar fhorbairtí i dtaca le OSPS na Sraithe Sóisearaí, cliceáil anseo

Cad iad na bearta atá déanta ó foilsíodh an t-athbhreithniú Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OGC) (Eanáir 2019)?

Bunaíodh dhá Ghrúpa Forbartha, ceann bunscoile agus ceann iar-bhunscoile, ag eascairt as an bhfoilseachán den Tuairisc ar an Athbhreithniú ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna. Bhí sé mar thosaíocht ag na grúpaí sin an treoir le haghaidh múineadh OSPS/OCG a fhoilsiú agus tacú le múinteoirí agus iad ag dul i ngleic leis an gcuraclam reatha ar bhealach muiníneach agus iomlánaíoch.

Cuirtear an treoir sin ar fáil i bhfoirm tacair uirlisí ar líne:

Moltar sa Tuairisc ar an Athbhreithniú ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) i mBunscoileanna agus in Iarbhunscoileanna go bhforbrófar curaclam comhtháite amháin do OCG agus OSPS a chuimseoidh an t-oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile araon, agus a chinnteoidh go mbeidh an t-am cuí ann lena mhúineadh.

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le forbairtí curaclaim, féach:

Cad atá á mhúineadh faoi láthair i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna in Éirinn maidir le OSPS/OCG?

Tá an tOideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) á mhúineadh ar an gcuraclam le 25 bliain anuas, agus tá Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) mar chuid thábhachtach de.

Chun breathnú ar churaclaim OSPS reatha, cliceáil ar an nasc iomchuí:

Cén chéim ag a bhfuil forbairt curaclaim OSPS?

Thosaigh an obair maidir leis an gcuraclam OSPS a athfhorbairt leis an tsraith shóisearach. Forbraíodh cúrsa nuashonraithe OSPS don tSraith Shóisearach agus beidh sé ar fáil do dhaltaí na chéad bhliana atá ag dul isteach san oideachas iar-bhunscoile i Meán Fómhair 2023.

Cuireadh tús leis an obair ar OSPS na Bunscoile agus na Sraithe Sóisearaí déanach in 2022. Beidh dréachtcháipéis curaclaim ar fáil don phobal ag deireadh na bliana 2023. Ag leibhéal na bunscoile, tá na forbairtí OSPS mar chuid d’fhorbairtí curaclaim níos leithne. Tiocfaidh gach foghlaim agus teagasc a bhaineann le OSPS faoi réimse curaclaim na Folláine. Beidh dréachtchreat Folláine ar fáil le haghaidh comhairliúchán poiblí in 2024.

De réir mar a fhorbrófar an curaclam, beidh deiseanna ann le haghaidh rannpháirtíochta leis na príomhpháirtithe leasmhara ar fad, agus beidh tuilleadh próisis comhairliúcháin phoiblí ann chomh maith sula gcríochnófar na sonraíochtaí curaclaim nua le haghaidh OSPS na Bunscoile agus na Sraithe Sinsearaí.

Cad iad na hábhair a mhúinfear san OSPS agus ag cén aois a mhúinfear iad?

Déantar liosta na dtopaicí agus cathain a mhúinfear iad a phlé agus a shocrú trí ghnáthphróisis CNCM. Áirítear le struchtúir CNCM Grúpaí Forbartha don bhunscolaíocht, don tsraith shóisearach agus don tsraith shinsearach. Tá na Grúpaí Forbartha seo déanta suas de mhúinteoirí, cigirí ón Roinn Oideachais, agus ionadaithe eile ar pháirtithe leasmhara. Cinneann na Grúpaí Forbartha an curaclam agus na topaicí atá le háireamh leis. Comhairliúcháin, taighde agus dea-chleachtas idirnáisiúnta is bonn leis na cinntí sin. I measc na bprionsabal treorach le haghaidh na nGrúpaí Forbartha go léir beidh feasacht ann gur chóir na topaicí a mhúineadh ar bhealach atá aois-oiriúnach, íogair agus incriminteach.

Cé a bhíonn tionchar acu ar fhorbairtí churaclam OSPS?

In CNCM, déanann na Boird agus Grúpaí Forbartha an obair ar fhorbairt an churaclaim ar son na Comhairle. Chun bonn láidir, ionadaíoch agus freagrúil a sholáthar dá hobair ar fhorbairt an churaclaim, bunaíonn CNCM grúpaí forbartha chun tabhairt faoi thascanna sonracha i réimsí curaclaim nó in ábhair. Is iad páirtithe oideachais a cheapann comhaltaí na nGrúpaí Forbartha agus bíonn ionadaithe ó mhúinteoirí, ó bhainistíocht scoileanna, ó thuismitheoirí agus ó páirtithe leasmhara eile san áireamh leo.

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis na grúpaí a bhíonn bainteach i bhforbairt curaclaim, cliceáil ar an nasc thíos:

Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais maidir le curaclam agus measúnú agus tá taighde, dea-chleachtas agus díospóireacht mar bhonn ag an gcomhairle sin, mar aon le comhairliúchán fairsing leis an bpobal, scoileanna, páirtithe leasmhara san oideachas agus páirtithe eile. Tá comhairliúchán, lena n-áirítear suirbhéanna ar líne and grúpaí fócais, ina chuid lárnach d’obair an CNCM

Agus curaclam nuashonraithe á fhorbairt, cuirtear eolas amach maidir le comhairliúcháin trí  www.ncca.ie  agus leathanaigh mheán sóisialta CNCM (Twitter @NCCAie, Instagram @NCCA_irl agus Facebook @NCCA).

Cén chaoi a bhféadfaidh tuismitheoirí/caomhnóirí nó daoine aonair leasmhara páirt a ghlacadh i bhforbairt curaclaim OSPS?

Is iad na tuismitheoirí príomhoideachasóirí a gcuid páistí agus is comhpháirtithe tábhachtacha iad sa phróiseas oideachais a tharlaíonn laistigh de scoileanna. Cinntíonn CNCM go mbíonn tuismitheoirí páirteach i gcomhráite agus i gcomhairliúcháin phoiblí sa chaoi is go mbeidh siad in ann a gcuid tuairimí maidir le forbairtí a chomhroinnt.

Éascaítear é sin ar shlite éagsúla — trí chruinnithe le grúpaí ionadaíocha, trí chomhairliúchán poiblí, lena n-áirítear cruinnithe ar líne agus fócasghrúpaí. Foilseofar comhairliúcháin phoiblí trí  www.ncca.ie  agus leathanaigh mheán sóisialta CNCM (Twitter @NCCAie, Instagram @NCCA_irl agus Facebook @NCCA).

Cá háit ar féidir liom teacht ar eolas cothrom le dáta ar fhorbairt curaclaim in OSPS agus i réimsí eile?

Tá eolas cothrom le dáta maidir le comhairliúcháin OSPS agus forbairtí eile ar fáil ar  www.ncca.ie  agus leathanaigh mheán sóisialta CNCM (Twitter @NCCAie, Instagram @NCCA_irl agus Facebook @NCCA). D’fhéadfá clárú dár nuachtlitir chun an nuacht is déanaí a fháil  anseo.