Riachtanais Oideachas Speisialta don Iar-Bhunscoil

Mar chuid den athchóiriú níos leithne ar an tsraith shinsearach, tá sé beartaithe go gcuirfear tús le hobair na meithle forbartha um Riachtanas Oideachas Speisialta Iar-bhunscoile i mí Mheán Fómhair 2022. Beidh ról lárnach ag an meitheal forbartha i dtaca le modúil a fhorbairt do scoláirí sa tsraith shinsearach a leanann Clár Foghlama Leibhéal 1 nó Leibhéal 2 sa tsraith shóisearach. Áireofar ar an ngrúpa oibre sin daoine ainmnithe ó na comhpháirtithe oideachais, ón Roinn Oideachais agus ó na príomhghníomhaireachtaí oideachais eile.

Chuaigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) i gcomhairle maidir leis an Ráiteas Cláir agus réimsí curaclaim do Chlár Foghlama Leibhéal 1 na Sraithe Sinsearaí agus Leibhéal 2 Clár Foghlama na Sraithe Sinsearaí. Bhí an comhairliúcháin oscailte ó 14 Feabhra go dtí 10 Aibreann 2024. Ba é cuspóir an chomhairliúcháin aiseolas a bhailiú a chabhróidh le bonn eolais a chur faoi obair an Ghrúpa Forbartha Riachtanas Speisialta Oideachais Iar-bhunscoile chun na  réimsí curaclaim agus an clár foghlama a bheachtú sula gceadófar agus sula bhfoilseofar iad go críochnaitheach.  

Cláir Foghlama na Sraithe Sinsearaí: Ráiteas Cláir Leibhéal 1 agus Leibhéal 2

Leibhéal 2 Uimhearthachta na Sraithe Sinsearaí,

Leibhéal 2 Cumarsáid agus Litearthacht na Sraithe Sinsearaí,

Leibhéal 1 Cumarsáide agus Litearthachta na Sraithe Sinsearaí,

Leibhéal 1 Uimhearthacht na Sraithe Sinsearaí

Tá an comhairliúchán dúnta anois.

 

Bhunaigh CNCM Grúpa Forbartha Oideachais Speisialta Iar-bhunscoile chun tabhairt faoi, ar an gcéad dul síos, sraith modúl a fhorbairt do dhaltaí sa tsraith shinsearach a leanann Clár Foghlama Leibhéal 1/Leibhéal 2 sa tsraith shóisearach. Cuirfidh an grúpa tacaíocht ar fáil freisin d'athbhreithniú agus d'fhorbairt curaclaim a bhaineann le Cláir Foghlama Leibhéal 1/Leibhéal 2 na Sraithe Sóisearaí. Tá obair an Ghrúpa Forbartha, i dtéarmaí ginearálta, comhaontaithe ag Bord CNCM don tSraith Shinsearach agus ag an gComhairle. 

Forbrófar na modúil chun tacú le cuspóir agus fís na sraithe sinsearaí athfhorbartha a bhaint amach mar atá leagtha amach san Athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach: Tuarascáil Chomhairleach (CNCM, 2022). Cuireann na treoirphrionsabail, mar a thuairiscítear sa Tuarascáil Chomhairleach, leac tadhaill ar fáil don Ghrúpa Forbartha agus iad ag tabhairt faoin tasc an tsraith modúl seo a ullmhú sa tsraith shinsearach. 

Beidh na modúil dírithe ar an mac léinn agus beidh riachtanais aoise, piaraí agus foghlama oiriúnach agus cuirfidh siad le fás agus aibíocht intleachtúil, shóisialta agus phearsanta an scoláire. D'fhéadfadh leibhéal an Chreata Náisiúnta Cáilíochtaí a mbeadh na modúil ailínithe leis a bheith éagsúil de réir mar is cuí. 

Beidh dearadh na modúl bunaithe ar thaighde a rinne CNCM ar nádúr agus ar dhearadh sonraíochtaí curaclaim do chéim na sraithe sinsearaí den oideachas. Tabharfaidh an grúpa forbartha comhairle maidir leis an leithdháileadh ama is oiriúnaí do na modúil. Críochnófar an chéad sraith modúl d'Fhómhar 2024. 

Cruinnithe an Ghrúpa Forbartha 

Cruinniú 13: 24 Aibreán 2024   

 

 

 

 

 

Foilsíodh páipéar cúlra agus coimre d'fhorbairt modúil leantacha do mhic léinn tar éis Cláir Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 i mí Feabhra 2023. Tugann an páipéar seo cúlra d'fhorbairt sraith modúl agus tá sé mar bhunús do chomhairliúchán a fhéachfaidh le tuairimí réimse páirtithe leasmhara a fháil, lena n-áirítear múinteoirí, ceannairí scoile, tuismitheoirí agus daltaí, chun cur leis an bhforbairt churaclaim seo.

Páipéar cúlra agus coimre d'fhorbairt na modúl leantach do mhic léinn tar éis Cláir Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2

Reáchtáladh comhairliúchán poiblí ar an bPáipéar Cúlra agus an Coimre i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin 2023 agus tugadh tuarascáil ar an gcomhairliúchán chun críche i mí Mheán Fómhair 2023.

Tuarascáil chomhairliúcháin ar an bpáipéar cúlra agus achoimre