Teangacha Iasachta na hArdteistiméireachta

Rinneadh sonraíochtaí nua le haghaidh Liotuáinis, Polainnis, Portaingéilis agus Mandairínis na hArdteistiméireachta a sheoladh in 2020. Úsáideadh cur chuige creata chun na sonraíochtaí seo a fhorbairt i gcomhair foghlaim agus teagasc roinnt teangacha curaclaim don Ardteistiméireacht. Baineann cur chuige coiteann leis seo i ngach sonraíocht lena n-áirítear an réamhrá, na haidhmeanna, na hionchais d’fhoghlaimeoirí agus na cuir chuige measúnaithe.

Comhthéacs

Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais faoi chúrsaí curaclaim agus measúnaithe don oideachas luathóige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Rinneadh sonraíochtaí nua le haghaidh Liotuáinis, Polainnis, Portaingéilis agus Mandairínis na hArdteistiméireachta a sheoladh in 2020.
Úsáideadh cur chuige creata chun na sonraíochtaí seo a fhorbairt i gcomhair foghlaim agus teagasc roinnt teangacha curaclaim don Ardteistiméireacht. Baineann cur chuige coiteann leis seo i ngach sonraíocht lena n-áirítear an réamhrá, na haidhmeanna, na hionchais d’fhoghlaimeoirí agus na cuir chuige mheasúnaithe. 

Rinneadh sonraíochtaí nua le haghaidh Liotuáinis, Polainnis, Portaingéilis agus Mandairínis na hArdteistiméireachta a sheoladh in 2020.

Úsáideadh cur chuige creata chun na sonraíochtaí seo a fhorbairt i gcomhair foghlaim agus teagasc roinnt teangacha curaclaim don Ardteistiméireacht. Baineann cur chuige coiteann leis seo i ngach sonraíocht lena n-áirítear an réamhrá, na haidhmeanna, na hionchais d’fhoghlaimeoirí agus na cuir chuige mheasúnaithe.
Is féidir na sonraíochtaí curaclaim agus na Treoirlínte don Phunann Teanga a aimsiú anseo:

 

Cuireadh tús le forbairt sonraíochtaí úra Ardteistiméireachta le haghaidh Liotuáinis, Polainnis, Portaingéilis agus Mandairínis na hArdteistiméireachta in 2019. 

Tionóladh Meitheal Forbartha a chuimsigh ionadaithe ó réimse de pháirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit. D’fhorbair an mheitheal Dréachtsonraíochtaí le haghaidh comhairliúcháin do na ceithre theanga agus is féidir iad a léamh anseo:

Reáchtáladh comhairliúchán poiblí ar an gCáipéis Eolais agus Treoir ón 15 Samhain 2019 go dtí an 6 Eanáir 2020. Foilsíodh an tuarascáil chomhairliúcháin i mí an Mhárta 2020.

Rinne an Mheitheal Forbartha na sonraíochtaí nua a chur chun cinn agus an tuarascáil chomhairliúcháin mar bhonn eolais acu agus seoladh na sonraíochtaí úra i mí Mheán Fómhair 2020.