Comhairliúchán

Cuireadh comhairliúchán poiblí ar na smaointe agus ar na téamaí a tháinig chun cinn sa chéad chéim (Taighde idirnáisiúnta) agus sa dara céim (aiseolas scoilbhunaithe ó mhúinteoirí, ó thuismitheoirí agus ó scoláirí) den athbhreithniú i bhfeidhm mar an tríú céim den athbhreithniú ar an tsraith shinsearach. Tá an tuarascáil chomhairliúcháin agus na haighneachtaí scríofa ó eagraíochtaí ar fáil anois.

 

Chuir CNCM tús le hathbhreithniú ar oideachas na sraithe sóisearaí i ndeireadh 2016. Ar an gcéad dul síos, bhreathnaíomar ar oideachas na sraithe sinsearaí/na meánscolaíochta sinsearaí i naoi ndlínse idirnáisiúnta. Ina dhiaidh sin, d’oibrigh múinteoirí, scoláirí agus tuismitheoirí in 41 scoil le CNCM i rith na scoilbhliana 2018/2019 chun príomhláidreachtaí na sraithe sinsearaí a shainaithint mar aon le réimsí a d’fhéadfaí a fhorbairt sa tsraith shinsearach. 

Tugann an Tuairisc Eatramhach den athbhreithniú na cainteanna a tharla le linn an athbhreithnithe i scoileanna agus ag na seimineáir náisiúnta le chéile leis an taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta ar an tsraith shinsearach. Is féidir teacht ar an gcáipéis seo thíos:

Tuarascáil eatramhach ar Athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach

Tugann an cháipéis Chomhairliúcháin ar an tSraith Shinsearach achoimre ar réimsí na sraithe sinsearaí a tháinig chun cinn le haghaidh tuilleadh machnaimh. 

Cáipéis Chomhairliúcháin ar an Athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach

Cuireadh tús le céim a trí den athbhreithniú ar an tsraith shinsearach, an comhairliúchán poiblí, i mí Iúil.  Tá an tuairisc chomhairliúcháin agus na haighneachtaí scríofa ó eagraíochtaí ar fáil anois thíos. 

 

Beidh tuairisc chomhairleach á cruthú mar an chéad chéim eile den athbhreithniú. Cuirfear tuairisc chomhairleach i dtoll a chéile ina mbeidh réimsí tosaíochtaí, spriocanna níos fadtéarmaí agus sceideal beartaithe agus comhairle ar luas agus scála na bhforbairtí sa tsraith shinsearach, a eiseofar don Aire Oideachais agus Scileanna lena breithniú.

Ba mhaith le CNCM buíochas a ghabháil le gach duine a bhí rannpháirteach san athbhreithniú go dtí seo.

Eisíodh na feasacháin seo a leanas do gach scoil i ndiaidh gach timthriall den athbhreithniú scoilbhunaithe.

Feasachán a trí

Feasachán a dó

Feasachán a haon

De bhreis air sin, rinne ITES anailís ar an aiseolas ó scoileanna le linn an dá thimthriall den athbhreithniú in 2018/2019. Féadfar teacht ar na tuarascálacha ar na timthriallta thíos:

Tuarascáil ITES ar thimthriall a haon

Tuarascáil ITES ar thimthriall a dó

Tuairisc ilchodach ó ITES:

Student, teacher and parent perspectives on senior cycle education (ESRI, 2019)

Féadfar teacht ar an achoimre ar phlé ag na seimineáir náisiúnta anseo.

Féadfar teacht ar an tuairisc Upper Secondary Education in Nine Jurisdictions anseo.

 

Eagraíodh grúpaí fócais ar fud na tíre chun plé a dhéanamh ar na téamaí a tháinig chun cinn san athbhreithniú. Bhí na grúpaí fócais oscailte do gach duine. Eagraíodh na grúpaí fócais ag na suíomhanna seo a leanas:

  • DCU, Campas Choláiste Phádraig, 10ú Meán Fómhair 
  • Ionad Oideachais Dhún na nGall, 16ú Meán Fómhair
  • Ionad Oideachais Chora Droma Rúisc, 17ú Meán Fómhair 
  • Durlas, Óstán Anner, Luan, 23ú Meán Fómhair 
  • Ionad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar, Máirt, 1ú Deireadh Fómhair, 4.30-6.30
  • Ionad Mhúinteoirí Chonamara/na Gaillimhe, Déardaoin, 3ú Deireadh Fómhair
  • Ionad Oideachais Chorcaí, Luan, 7ú Deireadh Fómhair
  • Ionad Oideachais Thrá Lí, Máirt, 8ú Deireadh Fómhair
  • Ionad Oideachais na Carraige Duibhe, Máirt, 10ú Deireadh Fómhair
  • Ionad Oideachais Laoise, Máirt, 22ú Deireadh Fómhair