Tuarascáil OECD

Léigh an measúnú OECD ar phróiseas an athbhreithnithe ar an tsraith shinsearach.

Beatriz Pont OECD Play Beatriz Pont OECD

Tuarascáil OECD: Education in Ireland

Cuireann an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) fáilte roimh fhoilsiú thuarascáil OECD Education in Ireland: an OECD Assessment of Senior Cycle Review.

 

Bhí trí chéim i gceist le próiseas an Athbhreithnithe ar an tSraith Shinsearach (2017–2020) faoi stiúir na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) agus tairgeadh go leor deiseanna do pháirtithe leasmhara san oideachas machnamh a dhéanamh ar ghnéithe buana agus ar ghnéithe a bhíonn ag athrú d’oideachas na sraithe sinsearaí in Éirinn.

Bhain an chéad chéim le taighde idirnáisiúnta a rinneadh ar oideachas meánscoile sinsearaí i ndlínsí eile. Bhain an dara céim le hoibriú le scoileanna ar fud na tíre, tráth ar roinn scoláirí, tuismitheoirí, múinteoirí, ceannairí scoile agus páirtithe leasmhara eile a gcuid tuairimí ar a dtaithí ar an tsraith shinsearach agus ar thodhchaí na céime sin den oideachas. I gcéim a trí tugadh na téamaí a tháinig chun cinn ó chéim a dó chuig lucht féachana poiblí níos leithne. Mar chuid den chéim comhairliúcháin phoiblí díríodh ar fócasghrúpaí réigiúnacha, ar shuirbhéanna ar líne agus ar chor is cúiteamh idir an dá thaobh, le grúpaí agus eagraíochtaí. Tá an Tuarascáil Chomhairleach maidir leis an tSraith Shinsearach á hullmhú ag CNCM anois d’Aire an Oideachais. Tá an obair sin le bheith críochnaithe ag tús 2021.

I rith an athbhreithnithe, thug CNCM cuireadh do OCED measúnú a dhéanamh ar phróiseas an Athbhreithnithe ar an tSraith Shinsearach. Tharla sé sin sa dara céim den athbhreithniú (2018-19), tráth ar thug foireann OECD cuairt ar Éirinn agus ar bhuail siad le páirtithe leasmhara éagsúla, múinteoirí, príomhoidí, agus scoláirí ina measc, chun a dtuairimí a fháil maidir le próiseas an athbhreithnithe. Cuireadh torthaí mheasúnú OECD faoi bhráid Chomhdháil Comhairliúcháin na Sraithe Sinsearaí i mí Dheireadh Fómhair 2019 agus cuireadh an tuarascáil OECD, Education in Ireland: an OECD Assessment of Senior Cycle Review, faoi bhráid Chomhairle CNCM i mí na Samhna 2019.

Bhreithnigh an measúnú beartais a cuireadh i láthair sa tuarascáil OECD seo ar phróiseas athbhreithnithe CNCM ar an tsraith shinsearach, thug sé aiseolas ar an dul chun cinn atá déanta agus thairg sé moltaí a thug bonn eolais do dhearadh chéim a trí den athbhreithniú, ina tharla comhairliúchán poiblí leathan in 2019.

Thug foireann OECD aitheantas don phróiseas uaillmhianach comhairliúcháin ar thug CNCM faoi.
“D’éirigh le CNCM próiseas cuimsitheach athbhreithnithe a cheapadh agus a chur i gcrích, agus bhailigh siad raon dearcthaí a bheidh in ann cur go mór leis an tsraith shinsearach. Cé go raibh ról lárnach ag páirtithe leasmhara ar leibhéal scoile leis an athbhreithniú, bhí baint ag an bpobal oideachais i gcoitinne leis chomh maith. Bhí an t-athbhreithniú ar bun i gcomhthráth leis na struchtúir atá i bhfeidhm cheana féin maidir le comhairle ar an mbeartas oideachais, ionadaíocht agus comhairliúchán, i dtaca le traidisiún comhpháirtíochta na hÉireann i ndéanamh beartas”.
Ba chúnamh tábhachtach a bhí in athbhreithniú OECD chun cuidiú le CNCM próiseas trédhearcach, comhoibritheach, inar díríodh ar réitigh, a chinntiú. Cuireadh an tuarascáil i gcrích sular thosaigh paindéim COVID-19 agus níor tugadh cothrom le dáta í chun an staid reatha a chur san áireamh*.

Is féidir na tuarascálacha ar an obair go léir maidir leis an gcomhairliúchán, anailís ITES ar an athbhreithniú scoilbhunaithe agus gach nuashonrú eile a fháil ar ncca.ie/ga/an-tsraith-shinsearach.

 

* Cuireadh moill ar fhoilsiú thuarascáil  Education in Ireland: an OECD Assessment of Senior Cycle Review mar gheall ar Covid-19

Cover of OECD Education in Ireland Report