Innealtóireacht

Tugann staidéar ar an Innealtóireacht deis don scoláire ról agus tionchar na hinnealtóireachta ina sheomra ranga, ina phobal agus sa domhan i gcoitinne a fheiceáil. Ach staidéar a dhéanamh ar an innealtóireacht, beidh deis ag an scoláire feidhmiú mar innealtóir agus meon innealtóireachta a fhorbairt. Ar feadh na dtrí bliana, forbróidh agus úsáidfidh an scoláire scileanna éagsúla, lena n-áirítear nósanna oibre sábháilte, bainistíocht tionscadal, eagrúchán, réiteach fadhbanna agus teicnící innealtóireachta.

Forbróidh an scoláire an tuiscint choincheapúil, na scileanna disciplín agus an t-eolas ábhair a theastaíonn chun fadhbanna san fhíorshaol a iniúchadh agus a réiteach, trí thimpeallacht atá dírithe ar thascanna go príomha.

I gcás scoláirí a bheidh ag dul isteach sa chéad bhliain i mí Mheán Fómhair 2019 nó ina dhiaidh sin beidh feidhm le sonraíocht Innealtóireachta na Sraithe Sóisearaí. Le tacú leis an tsonraíocht, cuirfear Treoirlínte Measúnaithe agus Samplaí d’Obair Scoláirí ar fáil. Cuirfear ar fáil iad ar www.curriculumonline.ie.

Tabharfar isteach an tsonraíocht le haghaidh Innealtóireacht na Sraithe Sóisearaí i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2019. Cuireadh tús le forbairt na sonraíochta i mí Mheán Fómhair 2017. 

Déantar iniúchadh sa pháipéar cúlra agus sa tuarascáil chomhairliúcháin d’ábhair Theicneolaíochta na Sraithe Sóisearaí ar fhorbairt an ábhair Teicneolaíochta sa tsraith shóisearach; leagtar béim ar dhea-chleachtas sa bhaile agus thar lear, agus úsáidtear taighde bunaithe ar fhianaise mar bhonn agus mar thaca d’athbhreithniú na sonraíochta.

.