Díriú ar an bhFoghlaim

Ag tacú le cur chuige don scoil uile i leith forbairt ghairmiúil agus forbairt acmhainne trí chleachtas measúnaithe éifeachtaigh agus leanúnaigh a fhorbairt a chabhraíonn le foghlaim an scoláire.

Ceapadh na ceardlanna le go bhféadfaí iad a úsáid ar dhóigh sholúbtha thart ar chúig thopaic:

  • Rúin foghlama agus critéir ratha
  • Ceistiú éifeachtach
  • Aiseolas foirmitheach
  • An scoláire ag machnamh ar a chuid foghlama
  • Torthaí Foghlama

Beidh Treoirleabhar an Éascaitheora ina chuidiú agat mar phointe tosaithe. Ba mhór againn do chuid aiseolais agus dearcthaí maidir leis an gcaoi a mbaineann tú leas as na hábhair seo. Bheimis buíoch díot roinnt ama a thógáil chun an fhoirm ghairid mheastóireachta seo  a líonadh agus a sheoladh ar ais chuig CNCM.

Tá sé i gceist go n-úsáidfí an t-ábhar leis an bhfoireann iomlán agus tá sé mar aidhm aige machnamh agus plé a spreagadh ar an gcaoi ar féidir le múinteoirí feabhas a chur ar a gcleachtas measúnaithe. Tugann na ceardlanna deis don mhúinteoir dul i ngleic lena chuid foghlama féin. Tá an cur chuige seo bunaithe ar thaighde a léiríonn gur mó go mór an seans go n-athróidh an múinteoir a chleachtas má théann sé féin i ngleic dáiríre leis an bpróiseas.

Tá cleachtas rathúil ag titim amach i scoileanna cheana, agus múinteoirí ag úsáid raon cuir chuige chun measúnú leanúnach a dhéanamh ina gcuid seomraí ranga. Tá súil againn go mbeidh na hábhair seo ina gcuidiú agus go dtacóidh siad le cleachtais measúnaithe leanúnaigh a chabhraíonn le foghlaim an scoláire

 

Measúnú Múnlaitheach Leabaithe

Sa ghearrfhíseán seo míníonn Dylan Wiliam 5 rudaí is féidir le múinteoirí a dheranamh chun foghlsima scoláirí a dhéanamh níos fearr .

(6 nóim. 20)

Dírítear san aonad seo ar chabhrú leis an scoláire níos mó den fhreagracht a ghlacadh air féin as a chuid foghlama féin. Chuige sin, ní mór go mbeadh a fhios ag an scoláire:

  • a mbeidh á fhoghlaim aige
  • an chaoi a mbeidh a fhios aige go bhfuil sé foghlamtha aige
  • an fáth ar gá é a fhoghlaim ar an gcéad dul síos

 

Sin an fáth a bhfuil tábhacht le rúin foghlama agus le critéir ratha.

Féachtar san aonad seo ar an gcaoi le cultúr a chur chun cinn sa seomra ranga ina spreagtar ceistiú éifeachtach. Scrúdaítear an cuspóir atá le ceistiú éifeachtach agus cineálacha straitéisí chun tacú leis.

De réir taighde is áis an-chumhachtach é an t-aiseolas chun cabhrú leis an scoláire an fhoghlaim a fheabhsú. Féachtar san aonad ar an gcaoi le haiseolas bríoch agus éifeachtach a thabhairt don scoláire le cabhrú leis tabhairt faoi na chéad chéimeanna eile san fhoghlaim.

 

Físeáin Tosaigh

 

 

Fiosraítear san aonad seo an chaoi a gcabhraíonn cumas féinmhachnaimh leis an scoláire níos mó den fhreagracht as a chuid foghlama agus as a dhul chun cinn féin a ghlacadh air féin. Beidh tú in ann na straitéisí a chuirtear i láthair a úsáid nó a oiriúnú chun cabhrú leis an scoláire machnamh a dhéanamh ar an méid atá foghlamtha aige.

 

Físeán Tosaigh

Tugtar aghaidh sa leabhrán nua seo chun na ceisteanna seo a leanas a scrúdú:

  • Céard iad Torthaí Foghlama?
  • Cén fáth a n-úsáidfí Torthaí Foghlama?
  • Conas a nasctar Torthaí Foghlama le rúin foghlama agus critéir ratha??
  • Conas pleanáil a dhéanamh trí Thorthaí Foghlama a úsáid?

 

Ceardlann 5: Leabhrán Torthaí Foghlama