NUACHT
Tuarascáil an Institiúid Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ITES/ESRI) ar An Seomra Ranga Bunscoile seolta
Ag baint tátail as an staidéar Growing Up in Ireland, cuireann an tuarascáil seo léargais úrnua ar fáil ar eispéiris páistí naoi mbliana d’aois agus a gcuid múinteoirí araon (sna ranganna 2 – 4). Cuirtear torthaí an staidéir ar leithdháileadh ama na múinteoirí ar ábhair an churaclaim, ar na cuir chuigú is mó úsáidte agus ar chaidreamh gníomhach na bpáistí agus iad ar scoil ar fáil sa tuarascáil. Rinneadh an tuarascáil, gur comhfhoilseachán é de chuid an ITES agus na Comhairle Náisiúnta Curaclaim is Measúnachta (CNCM/NCCA) a sheoladh Eanáir 18. Féach ar an tuarascáil anseo


Tabhair cuairt ar shuíomh Gréasáin nua na Sraithe Sóisearaí anseo
Dhá thuarascáil ar an oideachas sa tsraith shinsearach ón Institiúid um Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) seolta
Díríonn an dá staidéar chuimsitheacha seo, a seoladh ar an 21 Meán Fómhair, ar chuid de na príomhcheisteanna os comhair chóras oideachais na hÉireann. Lean na naisc go Choices and Challenges: Moving from Junior Cycle to Senior Cycle Education, le Emer Smyth agus Emma Calvert, An Institiúid um Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta, agus From Leaving Certificate to LeavingSchool: A Longitudinal Study of Sixth Year Students le Emer Smyth, Joanne Banks agus Emma Calvert, An Institiúid um Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta. Comhfhoilseacháin iad seo atá curtha ar fáil ag An Institiúid um Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta, An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM),agus An Roinn Oideachais agus Scileanna (ROS).
Cad chuige an t-oideachas bunscoile?
Cad chuige an t-oideachas bunscoile do pháistí anois agus feasta, dar leatsa? Éist lena bhfuil ráite ag daoine eile ar an suíomh gréasáin www.childrentheirlivestheirlearning.ie agus bíodh do ghuth san áireamh. Tá sé tábhachtach go bhfuilimid soiléir faoina bhfuil meas againn air, agus muid ag tosú ar churaclam comhtháite teanga do bhunscoileanna a fhorbairt, ag tosú le ranganna na naíonán.
Forbairtí sa tsraith shóisearach
I mí na Samhna 2010 bhí an CNCM páirteach i gcomhairliúcháin le Dáil na nÓg, inar phléigh ionadaithe as Comhairlí na nÓg ar fud na tíre leasú na Sraithe Sóisearaí. Foilsíodh tuarascáil ar an gcomhairliúchán in Iúil 2011. Íoslódáil Report of a consultation with youngpeople on reform of the Junior Cycle. Is féidir leat nahaighneachtaí a chuir gníomhaireachtaí, grúpaí agus daoine aonair chugainn a léamh chomh maith.
Comhairliúchán nua faoin tsraith shinsearach
Tá siollabais nua san eolaíocht agus sa chorpoideachas ag leibhéal na sraithe sinsearaí i measc na réimsí faoina bhfuiltear ag dul i gcomhairle idir Bealtaine agus Deireadh Fómhair. Féach ar leathnaigh an chomhairliúcháin agus bíodh do thuairimí san áireamh.
Forbairtí i dtaca le Curaclam na Bunscoile
Tá tús curtha le curaclam comhtháite nua a fhorbairt do theangacha (Gaeilge agus Béarla) a dhíreoidh i dtosach báire ar ranganna na naíonán. Féach ar an obair go dáta atá déanta ag an Líonra Bunscoile i dtaca le teangacha i mbunscoileanna primary language agus measúnacht assessment ar an láithreán Gréasáin ACTION