Séanadh Dlíthiúil agus Cosaint Sonraí

Séanadh Dlíthiúil agus Cosaint Sonraí

San obair a dhéanann sí, déanann CNCM a dícheall chun ceanglais na reachtaíochta cosanta sonraí a chomhlíonadh, reachtaíocht ina leagtar amach na caighdeáin riachtanacha chun cearta príobháideachta na ndaoine is ábhar do na sonraí a chosaint agus chun sonraí pearsanta a phróiseáil. Mar Rialaitheoir Sonraí agus Próiseálaí Sonraí, leagtar amach i ndoiciméad beartais CNCM an bunús dlí chun sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil agus freagrachtaí na heagraíochta ina leith sin.

Beartas Cosanta Sonraí CNCM

Tá Oifigeach Cosanta Sonraí ag CNCM ar a bhfuil freagracht fhoriomlán as cosaint sonraí. Ina theannta sin, tá Leas-oifigeach Cosanta Sonraí ag an eagraíocht atá ina bhall den Fhoireann TF freisin agus mar sin tá nasc díreach idir an chosaint sonraí agus TF, rud atá tábhachtach go háirithe i réimse na cibearshlándála. Faigheann an tOifigeach Cosanta Sonraí agus an Leas-oifigeach Cosanta Sonraí tacaíocht ón bhFoireann Cosanta Sonraí, foireann a n-oibríonn a baill ar fud na eagraíochta agus atá freagrach go díreach don Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí ag dpo@ncca.ie.