Fianáin

Céard iad fianáin:

Píosaí beaga faisnéise iad fianáin, a stóráiltear i gcomhaid téacs shimplí, agus a chuireann suíomh gréasáin ar do ríomhaire. Is féidir leis an suíomh gréasáin roinnt de na fianáin a léamh agus tú ar cuairt air ina dhiaidh sin. D’fhéadfadh go stórálfaí faisnéis i bhfianán faoi do nósanna brabhsála ar an leathanach gréasáin, nó ionas gur féidir leis an suíomh gréasáin “cuimhneamh” ort nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Go hiondúil, ní choinníonn fianáin faisnéis phearsanta ónar féidir thú a aithint, seachas má thug tú faisnéis dá leithéid don suíomh gréasáin.

An chaoi a n-úsáidimid fianáin:

Úsáidimid fianáin ar réimse suíomhanna gréasáin a bhainistímid ar chúiseanna éagsúla, agus pléitear iad sin thíos. Ar an drochuair, níl aon roghanna caighdeánacha tionscail ar fáil go hiondúil chun fianáin a dhíchumasú gan an fheidhmiúlacht agus na gnéithe a chuireann siad leis an suíomh gréasáin a dhíchumasú go hiomlán. Moltar go bhfágfá air na fianáin ar fad mura bhfuil tú cinnte an dteastaíonn siad nó nach dteastaíonn, ar fhaitíos go n-úsáidtear iad chun seirbhís atá uait a chur ar fáil.

Fianáin a dhíchumasú:

Is féidir leat cosc a chur ar fhianáin trí na socruithe ar do bhrabhsálaí a athrú (beidh níos mó eolais i roghchlár Cúnaimh do bhrabhsálaí faoi sin). Ach ná déan dearmad go gcuirfear isteach ar fheidhmiúlacht an tsuímh gréasáin seo, agus suíomhanna eile ar a dtugann tú cuairt, má dhíchumasaíonn tú na fianáin. D’fhéadfaí feidhmiúlacht agus gnéithe áirithe an tsuímh seo a dhíchumasú má dhíchumasaítear na fianáin. Moltar mar sin nach ndíchumasófaí na fianáin.

Fianáin tríú páirtí:

I gcásanna ar leith, úsáidimid fianáin a sholáthraíonn tríú páirtithe a bhfuil iontaoibh againn astu. Pléitear na fianáin ar fad – fianáin ó thríú páirtithe san áireamh – a bhféadfá plé leo i suíomhanna gréasáin CNCM sa chuid seo a leanas. Úsáideann roinnt de shuíomhanna gréasáin CNCM Google Analytics atá ar cheann de na réitigh anailíseachta is forleithne agus is mó iontaoibh ar an ngréasán chun cabhrú linn an chaoi a n-úsáideann tú na suíomhanna a thuiscint agus na bealaí a d’fhéadfaimis do thaithí a fheabhsú a fheiceáil. Rianaíonn na fianáin sin rudaí ar nós chomh fada agus a chaith tú ar an suíomh agus na leathanaigh ar thug tú cuairt orthu ionas gur féidir linn níos mó ábhair agus inneachair a gcuirfidh tú spéis iontu a chur ar fáil. Tá níos mó eolais faoi fhianáin Google Analytics ar fáil ar leathanach oifigiúil Google Analytics. Úsáidimid cnaipí agus/nó breiseáin meán sóisialta ar an suíomh seo freisin ionas gur féidir leat ceangal le do líonra sóisialta ar bhealaí éagsúla. Cuireann suíomhanna meán sóisialta, Facebook agus Twitter ina measc, fianáin ar á suíomh chun go n-oibreoidh siad sin. D’fhéadfaí iad a úsáid chun do cur le do phróifíl ar a suíomh siúd nó chun cur leis na sonraí atá acu chun críocha éagsúla a phléitear ina mbeartais phríobháideachais ar leith. Tá Ráiteas Príobháideachais CNCM ar fáil ar https://www.ncca.ie/en/privacy-statement

Suíomhanna gréasáin CNCM:

Tá liosta anseo thíos de na suíomhanna gréasáin ar fad a bhainistíonn CNCM agus na fianáin atá socraithe do gach aon cheann. Nuair is comhúinéir an inneachair í CNCM, cuirtear an chomhúinéireacht sin in iúl sa liosta suíomhanna gréasáin thíos. Mar sin féin is í CNCM, mar óstálaí an tsuímh gréasáin, a bhainistíonn iad ar fad faoi Ráitis Príobháideachais agus Fianán CNCM.

Suíomh gréasáin Úinéireacht an tsuímh gréasáin
www.ncca.ie CNCM
www.curriculumonline.ie CNCM
www.AistearSiolta.ie CNCM, an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige
www.transition.ie CNCM, Cumann Ollscoileanna Éireann, Cumann Institiúidí Teicneolaíochta na hÉireann, an tÚdarás um Ard-Oideachas, Solas, an Roinn Oideachais agus Scileanna, Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann
www.ecalignment.ie CNCM, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
http://research-alive.com CNCM, an Chomhairle Mhúinteoireachta, an Lárionad do Sheirbhísí Éifeachtacha
http://nccaplanning.ie/ CNCM


www.ncca.ie (CNCM)

Fianán Cineál Cuspóir Soláthraí In éag tar éis
_gat Fianán seisiúin Úsáidtear é chun srian a chur ar an ráta iarrata ncca.ie 1 nóiméad
_gid Fianán stóráilte Úsáidtear é chun idirdhealú a dhéanamh idir úsáideoirí ncca.ie 24 uair an chloig
_ga Fianán stóráilte Úsáidtear é chun idirdhealú a dhéanamh idir úsáideoirí ncca.ie 2 bhliain
twitter.com   Úsáidtear é chun léargas a fháil ar an gcaoi a bhfuiltear ag úsáid sheirbhísí Twitter chun gur féidir iad a fheabhsú ncca.ie Bainistítear smacht ar úsáid na bhfianán sin trí chuntas Twitter an úsáideora
google.com   Úsáidtear é chun léargas a fháil ar an gcaoi a bhfuiltear ag úsáid sheirbhísí Google chun gur féidir iad a fheabhsú ncca.ie Bainistítear smacht ar úsáid na bhfianán sin trí chuntas Google an úsáideora


www.curriculumonline.ie (CNCM)

Fianán Cineál Cuspóir Soláthraí In éag tar éis
ARRAffinity Fianán seisiúin Dáileann trácht chun na hamanna freagartha a fheabhsú curriculumonline.ie Fad seisiúin
 ASP.NET_SessionId Fianán seisiúin Úsáidtear é chun seisiún úsáideora ar an suíomh gréasáin a aithint curriculumonline.ie Fad seisiúin
CMSPreferredCulture Fianán stóráilte Cinneann an fianán rogha teanga agus tíre an chuairteora. Bíonn an suíomh gréasáin in ann an t-ábhar is ábhartha don réigiún agus teanga sin a thaispeáint mar sin curriculumonline.ie 1 bhliain
__utm.gif Fianán seisiúin Úsáidtear é chun sonraí faoi bhrabhsálaí agus ríomhaire an chuairteora a thaifeadadh google-analytics.com Fad seisiúin
__utma Fianán stóráilte Úsáidtear é chun idirdhealú a dhéanamh idir úsáideoirí agus seisiúin curriculumonline.ie  2 bhliain
__utmb Fianán stóráilte Úsáidtear é chun seisiúin/cuairteanna nua a chinneadh curriculumonline.ie  1 lá
__utmc Fianán seisiúin Úsáidtear é chun fad na cuairte ar shuíomh gréasáin a ríomh curriculumonline.ie  Fad seisiúin
__utmt Fianán stóráilte Úsáidtear é chun srian a chur ar luas na n-iarrataí ar an bhfreastalaí curriculumonline.ie  1 lá
__utmv Fianán stóráilte Úsáidtear é chun sonraí an chuairteora a stóráil curriculumonline.ie 1 lá
__utmz Fianán stóráilte Bailíonn sé sonraí faoin gcaoi ar tháinig cuairteoir chuig an suíomh gréasáin curriculumonline.ie  6 mhí
ads/ga-audiences Fianán seisiúin Úsáidtear é chun spéis cuairteoirí ar an suíomh gréasáin a mhúscailt arís google.com Fad seisiúin
vuid Fianán stóráilte Úsáidtear é chun sonraí faoi na cuairteoirí ar shuíomh gréasáin a bhailiú vimeo.com 2 bhliain
CMSCsrfCookie Fianán seisiúin Stórálann sé ceadchomhartha slándála a chabhraíonn le cosaint ar bhrionnú iarrata tras-suímh curriculumonline.ie Fad seisiúin



www.AistearSiolta.ie (CNCM, an Roinn Oideachais, an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige)

Fianán Cineál Cuspóir Soláthraí In éag tar éis
__gat Fianán seisiúin Úsáidtear é chun srian a chur ar an ráta iarrata Aistearsiolta.ie 1 nóiméad
ASP.NET_Sessionid Fianán seisiúin Úsáidtear é chun seisiún úsáideora ar an suíomh gréasáin a aithint Aistearsiolta.ie Fad seisiúin
__gid Fianán stóráilte Úsáidtear é chun idirdhealú a dhéanamh idir úsáideoirí Aistearsiolta.ie 24 uair an chloig
__ga Fianán stóráilte Úsáidtear é chun idirdhealú a dhéanamh idir úsáideoirí Aistearsiolta.ie 2 bhliain
vuid Fianán stóráilte Úsáidtear é chun sonraí faoi na cuairteoirí ar shuíomh gréasáin a bhailiú vimeo.com 2 bhliain

 

www.transition.ie (CNCM, Cumann Ollscoileanna Éireann, Cumann Institiúidí Teicneolaíochta na hÉireann, an tÚdarás um Ard-Oideachas, Solas, an Roinn Oideachais, Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann)

Fianán Cineál Cuspóir Soláthraí In éag tar éis
Ní úsáidtear aon fhianáin ar an suíomh gréasáin seo.

 

www.ecalignment.ie (CNCM, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath)

 

Fianán Cineál Cuspóir Soláthraí In éag tar éis
Ní úsáidtear aon fhianáin ar an suíomh gréasáin seo.

 

http://research-alive.com (CNCM, an Chomhairle Mhúinteoireachta, an Lárionad do Sheirbhísí Éifeachtacha)

Fianán Cineál Cuspóir Soláthraí In éag tar éis
Ní úsáidtear aon fhianáin ar an suíomh gréasáin seo.

 

http://nccaplanning.ie/ (CNCM)

 

Fianán Cineál Cuspóir Soláthraí In éag tar éis
__utmb Fianán stóráilte Úsáidtear é chun seisiúin/cuairteanna nua a chinneadh nccaplanning.ie 1 lá
__utmc Fianán seisiúin Úsáidtear é chun fad na cuairte ar shuíomh gréasáin a ríomh nccaplanning.ie Fad seisiúin
__utmt Fianán stóráilte Úsáidtear é chun srian a chur ar luas na n-iarrataí ar an bhfreastalaí nccaplanning.ie 1 lá
ARRAffinity Fianán seisiúin Dáileann trácht chun na hamanna freagartha a fheabhsú nccaplanning.ie Fad seisiúin
__utma Fianán stóráilte Úsáidtear é chun idirdhealú a dhéanamh idir úsáideoirí agus seisiúin nccaplanning.ie 2 bhliain
__utmz Fianán stóráilte Bailíonn sé sonraí faoin gcaoi ar tháinig cuairteoir chuig an suíomh gréasáin  nccaplanning.ie 6 mhí

 

Nuachtlitreacha CNCM le seirbhís Mailchimp

Úsáideann CNCM seirbhís Mailchimp chun daoine ar spéis leo a leithéid a choinneáil ar an eolas faoi fhorbairtí, imeachtaí atá ag teacht agus fógraí. Nuair a ghlacann tú síntiús lenár nuachtlitreacha iarraimid ort do sheoladh ríomhphoist a thabhairt dúinn agus a rá linn cén earnáil, nó na hearnálacha, oideachais is mó a bhfuil spéis agat iontu. Ní sheolfaimid eolas chugat ach inár nuachtlitir ghinearálta, ar a dtugtar info, nó eolas faoi imeachtaí nó eolas a bhaineann le hearnáil faoi leith ar iarr tú lena n-aghaidh. Tá níos mó eolais faoi na fianáin a úsáideann Mailchimp ar fáil ar https://mailchimp.com/legal/cookies/