Preaseisiúintí

6 Márta 2024

Inniu osclaíonn an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) an comhairliúchán poiblí ar athfhorbairt Churaclam na Bunscoile. Tá an chéim thábhachtach seo ar an athfhorbairt is suntasaí ar an gcuraclam le 25 bliain anuas. Tá go leor athraithe inár saol ó tugadh isteach an curaclam bunscoile reatha in 1999. Is iad na páistí atá inár seomraí ranga bunscoile daoine fásta an lae amárach, agus de réir mar a fhéachaimid chun cinn ar an domhan ina mbeidh siad beo ann agus ag obair ann, tá sé tábhachtach go dtabharfaidh a dtaithí ar scoil bunús láidir dóibh le go n-éireoidh leo agus le go mbeidh siad rathúil agus barr a gcumais a bhaint amach.   

23 Aibreán 2023

Is díol sásaimh don Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) é foilsiú Iniúchadh ar Thabhairt isteach an Chreata don tSraith Shóisearach: Staidéar fadaimseartha – Tuarascáil eatramhach uimh. 2. Is í seo an dara tuarascáil i sraith de thuarascálacha taighde maidir le cur i bhfeidhm agus tionchar an Chreata agus, mar sin, tá léargais eile le fáil inti maidir le heispéiris scoileanna agus iad ag obair leis an gCreat ó tugadh isteach é in 2015.

25 Lúnasa 2022

Saol Scoile Páistí: Aistriú ón Réamhscoil go dtí an Bhunscoil, foilsíodh an ceathrú tuairisc ón Staidéar Saol Scoile Páistí inniu ar an suíomh gréasáin www.cslstudy.ie. Díríonn an tuairisc ar an aistriú ón réamhscoil go dtí an bhunscoil. Tá an staidéar Saol Scoile Páistí á dhéanamh ag an Scoil Oideachais sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath thar ceann CNCM.  

29 Márta 2022

Tá athas ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) Tuarascáil Chomhairleach ar an Athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach a fhoilsiú inniu, tar éis freagairt ón Aire Oideachais, Norma Foley. Déanann Tuarascáil CNCM taifead agus freagraíonn sí ar thuairimí na bpáirtithe leasmhara a bailíodh le linn an athbhreithnithe ceithre bliana ar conas a d’fhéadfadh an tSraith Shinsearach a fhorbairt chun freastal ar riachtanais ár ndaoine óga. Cuireann sé bunús láidir faoi athfhorbairt chéimnithe na Sraithe Sinsearaí sna blianta amach romhainn. Leanfaidh CNCM ag obair go dlúth le scoileanna agus le páirtithe leasmhara i rith an phróisis seo, agus é mar chuspóir leis an bhfís athnuaite don tSraith Shinsearach, a chuirtear i láthair sa Tuarascáil Chomhairleach, a chur i gcrích.

2 Nolliag 2021

Inniu, foilsíodh Children’s School Lives in Junior Infants, an tríú tuarascáil ón Staidéar Saol Scoile Paistí, ar an suíomh gréasáin www.cslstudy.ie. Dírítear sa tuarascáil seo ar thaithí 128 rang naíonán sóisearach in 83 bunscoil ar fud na hÉireann trí thaifead a ghabháil de thaithí na bpáistí agus na dtuismitheoirí i rith an aistrithe thábhachtaigh go dtí an chéad bhliain sa bhunscoil.

11 Nollaig 2020

Foilsíonn an chead dá thuarascáil ón staidéar Children’s School Lives ar shuíomh gréasáin www.cslstudy.ie. Tugann Tuarascáil Bhliain a hAon léargas dúinn ar na páistí agus ar na scoileanna atá taobh thiar de Children’s School Lives agus tugann an dara tuarascáil, ‘Experiences of Remote Teaching and Learning in Ireland During the COVID-19 Pandemic (March – May 2020)’, léargas ar thionchar dhúnadh fada na scoileanna níos luaithe i mbliana ar pháistí, tuismitheoirí, múinteoirí agus ceannairí scoile.

16 Deireadh Fómhair 2019

Dé Céadaoin, 16 Deireadh Fómhair, óstálfaidh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) fóram náisiúnta comhairliúcháin i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath. Beidh cur agus cúiteamh ar bun ag na rannpháirtithe ar smaointe a tháinig chun cinn ón athbhreithniú ar an tsraith shinsearach go dtí seo. Tá an fóram á reáchtáil mar chuid de chomhairliúchán poiblí leanúnach ar an bhfís d’oideachas na sraithe sinsearaí atá ag eascairt as athbhreithniú CNCM ar oideachas na sraithe sinsearaí a thosaigh go deireanach in 2016.

 

28 Márta 2017

Cuirfidh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) fáilte roimh 250 múinteoir, príomhoide agus comhpháirtí oideachais eile chuig comhdháil chomhairliúcháin i gCaisleán Bhaile Átha Cliath Dé Máirt, 28 Márta, 2017. Tá an t-imeacht ina chuid den chomhairliúchán leanúnach faoi chruth agus faoi threoir an churaclaim bunscoile athfhorbartha. Tá sé mar aidhm ag an imeacht toscairí a spreagadh le plé agus díospóireacht a dhéanamh ar an gcuraclam don chéim ríthábhachtach seo in oideachas páistí. Tugann an comhairliúchán seo deis dóibh siúd atá ag plé le hoideachas bunscoile machnamh a dhéanamh ar leagan amach an churaclaim, ar a bhfuil san áireamh ann agus ar an gcaoi a gcaitear am laistigh de. Níor cuireadh an deis sin ar fáil le beagnach scór bliain cheana.

 

14 Feabhra 2017

Chuir an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) Tuarascáil Chomhairliúcháin i gcló inniu maidir leis na moltaí le haghaidh curaclam bunscoile san Oideachas faoi Reiligiúin agus faoi Chreidimh (ORC) agus Eitic. Bhain an ráta freagartha is airde riamh leis an gcomhairliúchán de réir thaifid CNCM. Cuirtear in iúl sa tuarascáil go bhfuiltear ag tacú go mór leis na cineálacha teagaisc agus foghlama a leagtar amach sna moltaí. Tá an tuarascáil, mar aon leis na cáipéisí tacaíochta, ar fáil.

 

24 Deireadh Fómhair 2016

Tabharfaidh an tOllamh Andy Hargreaves cuairt ar Éirinn an tseachtain seo chun bualadh le múinteoirí, eagraíochtaí is páirtithe leasmhara, dearthóirí curaclaim agus lucht déanta beartas. Is saineolaí in athruithe agus i gceannaireacht oideachais é an tOllamh Hargreaves agus tá clú air timpeall na cruinne. Tá an-áthas ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) a bheith ina hóstach don Ollamh Andy Hargreaves. Ceapadh Andy in Oiliúnacht Oideachais Thomas More Brennan i Scoil Oideachais Lynch i gColáiste Bhostúin. I gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Chomhairle Mhúinteoireachta agus comhpháirtithe oideachais eile, déanfaidh CNCM éascaíocht ar shraith imeachtaí faoin téama, Ceannaireacht le haghaidh Foghlama. Beidh deis ag múinteoirí, eagraíochtaí oideachais, dearthóirí curaclaim agus lucht déanta beartas a fhreastalaíonn ar na himeachtaí sin casadh leis an Ollamh Hargreaves agus labhairt leis.

 

11 Bealtaine 2013

Taighde Beo – Múinteoirí agus Taighde Oideachais

Comhfhiontar idir an Lárionad do Sheirbhísí Éifeachtacha, an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta agus an Chomhairle Mhúinteoireachta atá i dTaighde Beo. Cuirfear comhdháil lae faoi mhúinteoirí agus taighde oideachais ar siúl i gColáiste Bríde, Cluain Dolcáin, le haghaidh múinteoirí, taighdeoirí agus lucht déanta beartas. I suirbhé a rinneadh níos luaithe i mbliana, chuir os cionn 4,000 múinteoir in iúl go raibh an-fhonn orthu dul i ngleic leis an gceist seo a leanas – conas torthaí taighde a úsáid chun treoir a thabhairt dá gcleachtas.

 

29 Samhain 2012

Comhalta de Bhord Comhairleach Barack Obama le Comhairle a Chur ar Oideoirí na hÉireann faoi Theagasc na Matamaitice

Tabharfaidh Déan na Scoile Oideachais in Ollscoil Michigan, an tOllamh Deborah Ball, cuairt ar Éirinn an tseachtain seo chun bualadh le dearthóirí curaclaim, oideoirí múinteoirí, lucht déanta beartas agus múinteoirí. Déanfar plé ar an gcaoi a bhféadfaí oideachas múinteoirí agus matoideachas sa tír seo a chur chun feabhais. Coicís roimh an gcuairt d'fhógair an tUachtarán Barack Obama go bhfuil rún aige an tOllamh Ball a cheapadh ar an mBord Náisiúnta Eolaíochta sna Stáit Aontaithe.

 

Taighde agus Meastóireacht ar an Tionscadal Mata

Seolfaidh an tOllamh Deborah Loewenberg Ball, Déan na Scoile Oideachais in Ollscoil Michigan, trí thuarascáil taighde faoin Tionscadal Mata. Déanfaidh sí iad a sheoladh in Institiúid Oideachais Marino i mBaile Átha Cliath tar éis na comhdhála faoi theagasc, foghlaim agus matamaitic a bheidh ar siúl san Institiúid amárach. Seo an chéad sraith de thuarascálacha taighde faoin Tionscadal Mata, an t-athchóiriú uaillmhianach ar churaclam, ar mheasúnú, agus ar theagasc agus foghlaim na matamaitice in iar-bhunscoileanna atá ar bun i láthair na huaire.

 

3 Samhain 2011

Tacaíonn an tAire Quinn le moltaí na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) i dtaca le hathchóiriú na Sraithe Sóisearaí

Sheol an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, TD, moltaí go hoifigiúil inniu, moltaí óna n-eascróidh athruithe ó bhonn ar an dóigh a ndéantar scoláirí na Sraithe Sóisearaí a mhúineadh agus a mheasúnú i scoileanna dara leibhéal.

Tabharfar aghaidh i moltaí CNCM ar na fadhbanna a bhaineann le foghlaim de ghlanmheabhair agus ró-ualach curaclaim agus ar an gcaoi a bhféadfaí níos mó cruthaitheachta agus nuálaíochta a bhaint amach.

 

21 Aibreán 2010

Seolann an Tánaiste próiseas comhairliúchán ar athchóiriú na sraithe sóisearaí

Sheol an Tánaiste agus an tAire Oideachais agus Scileanna, Mary Coughlan T.D., próiseas comhairliúcháin inniu (Dé Céadaoin, an 21 Aibreán 2010) ar athchóiriú na sraithe sóisearaí i scoileanna dara leibhéal. Tá an comhairliúchán ar bun ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (“CNCM”).  Seoladh an comhairliúchán poiblí ag comhdháil a d’óstáil an Tánaiste, a d’eagraigh an Chomhairle, agus ar ar fhreastail ionadaithe teagaisc, bainistíochta scoile, tuismitheoirí, ardoideachais, meán agus tionscail.

  • Féach ar an bpreaseisiúint i bhformáid PDF - PDF Missing

 

22 Deireadh Fómhair 2009

Seoltar Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige an 22 Deireadh Fómhair

Sheol CNCM Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige inniu. Tá an creat nua seo ar fáil do gach páiste óna mbreith go dtí aois a sé bliana. Tá an creat ann mar thoradh ar thaighde, comhairliúchán, pleanáil agus forbairt a bhí idir fhairsing agus fhorleathan a rinne CNCM i gcomhar leis an earnáil luathóige. Chuir páistí ó naoi mí d’aois le hAistear mar chuid d’fhiosrúchán CNCM ar a dtaithí ar fhoghlaim agus forbairt i suíomhanna éagsúla luathóige in Éirinn.

  • Féach ar an bpreaseisiúint i bhformáid PDF - PDF Missing