Taighde Maoinithe

Bhunaigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta an clár Taighde agus Forbartha Measúnaithe chun tacú le heolas ar theoiric agus ar chleachtas measúnaithe oideachasúil, le rannpháirtíocht iontu agus le machnamh criticiúil orthu. Sa chéim tosaigh seo, cuireadh béim ar leith ar thograí a bhain le sraith shóisearach an iar-bhunoideachais, ach breithníodh tograí a bhain le measúnú in oideachas na luathóige, na bunscoile nó na sraithe sinsearaí in Éirinn chomh maith.

Tá tionscnamh 2015 críochnaithe anois. Taispeánadh na tionscadail thaighde críochnaithe ag imeacht an 29 Meán Fómhair 2016. Tá na tuarascálacha deiridh ó na tionscadail thaighde ar fáil.