Sceideal d'ábhair na sraithe sinsearaí le haghaidh athfhorbartha

I mí an Mhárta 2022, d'fhógair an tAire Oideachais Norma Foley, TD, a pleananna uaillmhianacha don tSraith Shinsearach, Cothromas agus Barr Feabhais do Chách athshamhlaithe, áit a bhfuil an mac léinn i gcroílár a dtaithí sa tSraith Shinsearach. Agus a plean á leagan amach aici, d'iarr an tAire ar CNCM sceideal d'ábhair na sraithe sinsearaí a ullmhú le hathbhreithniú agus le hathfhorbairt.

D'iarr an tAire Foley freisin ar CNCM dhá ábhar nua a fhorbairt, Drámaíocht, Scannánaíocht agus Léann na hAmharclannaíochta; agus Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe, ag cur rogha níos fearr ar fáil do scoláirí chun léiriú níos fearr a thabhairt ar a réimse spéiseanna agus chun tacú le forbairt réimse níos leithne buanna agus scileanna.

Tabharfar ábhair tráinse isteach sa churaclam do gach scoil in 2025 agus tá siad leagtha amach anseo:

Tráinse 1 ábhar
An tSean-Ghréigis
An Araibis
An Bhitheolaíocht
Gnó
Ceimic
Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe
Drámaíocht, Amharclannaíocht agus Scannánaíocht
An Laidin
Fisic

 

Tabharfar Tráinse 2 ábhar isteach sa churaclam do gach scoil in 2026 agus tá siad leagtha amach anseo:

Tráinse 2 ábhar
An Chuntasaíocht
Staidéar Foirgníochta
An Innealtóireacht
Béarla
An Tíreolaíocht
Nascmhodúil GCAT
Corpoideachas

 

Tabharfar Tráinse 3 ábhar isteach sa churaclam do gach scoil in 2027 agus tá siad leagtha amach anseo:

Tráinse 3 ábhar
Eolaíocht Ríomhaireachta
Grafaic Dearaidh agus Cumarsáide
Stair
Eacnamaíocht Bhaile
Matamaitic
Ceol
Fisic agus Ceimic

 

Tabharfar Tráinse 4 ábhar isteach sa churaclam do gach scoil in 2028 agus tá siad leagtha amach anseo:

Tráinse 4 ábhar
Ealaín
Eacnamaíocht
Fraincis
Gaeilge
Gearmáinis
Iodáilis
Polaitíocht agus an tSochaí
Spainnis
Teicneolaíocht

 

Tabharfar Tráinse 5 ábhar isteach sa churaclam do gach scoil in 2029 agus tá siad leagtha amach anseo:

Tráinse 5 ábhar
Matamaitic Fheidhmeach
Léann Clasaiceach
Seapáinis
Liotuáinis
Sínis Mandairínis
Polainnis
Portaingéilis
Oideachas Reiligiúnach*
Rúisis


*Tabharfar sonraíocht athfhorbartha d'Oideachas Reiligiúin na hArdteistméireachta isteach i scoileanna i 2029 mar chuid den sciar ábhair seo. Beidh Léann Eabhrach mar chuid de chúrsa san ábhar athfhorbartha seo, agus cuirfear deireadh le Léann Eabhrach mar ábhar ar leith ag an am sin.