Ag Tacú le Deiseanna a Bhaineann le Súgradh Rioscúil

An Luath-Óige

16 Nollaig, 2021

Ag Tacú le Deiseanna a Bhaineann le Súgradh Rioscúil

Leagann an acmhainn nua seo síos ról an duine fásta i dtaobh tacú le súgradh rioscúil agus samplaí de shaghsanna difriúla súgartha a d’fhéadfadh tarlú i suíomhanna luathóige á chur ar fáil. Is féidir súgradh rioscúil a shainmhíniú mar shúgradh fisiciúil, ginchumais agus spreagúil, lena mbaineann gné de riosca, dúshlán agus eachtraíocht. Bíonn sé spraíúil, spreagúil agus ábhairín scanrúil fiú. Fiosraítear sé chatagóir de shúgradh rioscúil san acmhainn seo. Fiosraítear an iliomad buntáistí a bhaineann le bheith rannpháirteach sa súgradh seo chomh maith. Ina measc seo tá: rogha, rialú, cinnteoireacht, mothú gnóthachtála chomh maith leis an gcumas riosca agus réiteach fadhbanna a mheas agus déileáil le dúshláin nó iad a shárú. Déantar níos mó fiosraithe san acmhainn seo ar an tslí a bhfuil forbairt na scileanna seo tábhachtach le haghaidh meabhairshláinte dhearfach agus folláine fhisiciúil.

Tá teacht ar an acmhainn nua seo, Tacú le deiseanna a bhaineann le súgradh rioscúil anseo.