An Staidéar “Saol Scoile Páistí”

Bunscoil

16 Nollaig, 2021

An Staidéar “Saol Scoile Páistí”

Leantar 4,000 páiste i 189 scoil i rith a gcuid bunscolaíochta chun foghlaim, go mionsonrach, faoina dtaithí agus óna dtaithí sa taighde Saol Scoile Páistí (CSL) a cuireadh ar bun in 2018. Baineann dearadh nuálach an staidéir agus cur chuige na modhanna measctha leas as saineolas agus taithí shuntasach, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, i dtaighde fadaimseartha. Tá an staidéar á dhéanamh ag an Scoil Oideachais sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath thar ceann CNCM.

Díríonn tuarascáil 3, Saol Scoile Páistí sna Naíonáin Shóisearacha, ar thaithí 128 rang de naíonáin shóisearacha in 83 bunscoil ar fud na hÉireann. Cuirtear tús leis an amlíne chun sonraí a bhailiú faoi na páistí, na teaghlaigh agus na scoileanna acu san fhómhar in 2019 agus leantar ar aghaidh leis go tús phaindéim COVID-19 agus an chéad dianghlasáil in Earrach 2020. Áirítear leis sonraí ar chúlra teaghlaigh agus ar chomhthéacs na bpáistí chomh maith le faisnéis ar chineálacha scoileanna agus ar chúlraí múinteoirí agus príomhoidí. Comhartha ar staid thábhachtach de shaol scoile an pháiste é an t-aistriú chuig an mbunscoil agus gabhann Tuarascáil 3 íomhá de thaithí páistí agus teaghlaigh in am na hócáide oideachais thábhachtaí seo lena n-áirítear:

  • An lá scoile
  • Taitneamh as ábhair
  • An timpeallacht foghlama agus an curaclam
  • Cuir chuige teagaisc agus foghlama.

 

Faigh rochtain ar an tuarascáil anseo: www.cslstudy.ie/ga/