Comhairliúchán ar Dhréachtchreat Curaclaim na Bunscoile

Bunscoil

16 Nollaig, 2021

Comhairliúchán ar Dhréachtchreat Curaclaim na Bunscoile

Ní minic a tharlaíonn comhairliúcháin maidir le hathfhorbairt churaclam na bunscoile ina iomláine. Anois an t-am duit do chuid smaointe maidir le haidhm, le struchtúr agus le hinneachar athfhorbairt an churaclaim a roinnt. Ag leanúint ar aghaidh chuig deireadh mhí Feabhra 2022, táimid ag súil go mór le cloisteáil ó cheannairí scoile agus mhúinteoirí agus le dul i ngleic go díreach leo. I gcaitheamh mhí na Samhna d’fhreastail mórchuid ceannairí scoile agus múinteoirí ar fhócasghrúpaí ar líne agus thugadar aiseolas ar na moltaí i nDréachtchreat Curaclaim na Bunscoile. Tá níos mó fócasghrúpaí le cur ar bun i mí Eanáir agus Feabhra agus táimid ag súil le cloisteáil ó chuid mhór díbh ag na himeachtaí seo. Reáchtáiltear na fócasghrúpaí um thráthnóna agus tosaíonn siad ag 3.30 pm de ghnáth agus maireann siad uair an chloig agus 15 nóiméad. Is féidir do chuid suime i bhfreastal orthu seo a chlárú anseo agus gheobhaidh tú fógraí le sonraí maidir leis na himeachtaí seo.

Gheobhaidh tú níos mó sonraí maidir leis an gcomhairliúchán ar www.ncca.ie/ga/bunscoil chomh maith le naisc chuig an gceistneoir ar líne, chuig an bhfoirm aighneachta scríofa agus chuig ábhair chomhairliúcháin. Táthar ag súil go mbeidh na hacmhainní ceardlainne seo ina dtacaíocht phraiticiúil le haghaidh scoileanna agus iad ag smaoineamh faoi na moltaí a rinneadh don churaclam athfhorbartha agus iad á bplé. Tá cur i láthair gearr le ceisteanna le breithniú, naisc go físeáin faisnéise agus treoir ghairid ar an gceardlann san áireamh i ngach ceardlann. Is féidir le scoileanna a bhfuil suim acu ceardlann chomhairliúcháin a eagrú iad féin breathnú ar an ábhar anseo (Féach ar cluaisín Ábhair Chomhairliúcháin do na Scoileanna).

Ná dearmad cuairt a thabhairt ar an suíomh gréasáin againn www.ncca.ie/ga/bunscoil/ agus sinn a leanúint ar Twitter, ar Facebook, agus ar Instagram chun tuilleadh nuashonruithe comhairliúcháin a fháil. 

Bí páirteach agus cuir do chuidse in iúl – táimid ag tnúth le cloisteáil uait!