Mo Scéal: Ag tacú leis an aistriú chuig an mbunscoil

An Luath-Óige

20 Bealtaine, 2021

Mo Scéal: Ag tacú leis an aistriú chuig an mbunscoil

Is cuid thábhachtach i saol gach páiste é an t‑aistriú chuig an mbunscoil agus tá go leor ann is féidir linn a dhéanamh chun tacú leo agus lena dteaghlaigh ag an gcéim sin den bhfás aníos. Le teimpléid tuairiscithe Mo Scéal, éascaítear an malartú faisnéise idir réamhscoileanna, tuismitheoirí/caomhnóirí agus, le toiliú uathu, leis na bunscoileanna ábhartha maidir le foghlaim agus forbairt na bpáistí. Cabhraíonn teimpléid tuairiscithe Mo Scéal le scéal an pháiste a insint; na rudaí ar spéis leis nó léi, na láidreachtaí atá aige nó aici agus na rudaí a raibh deacrachtaí aige nó aici leo sular thosaigh sé nó sí sna naíonáin shóisearacha.

Tá fáil ar na teimpléid i mBéarla agus i nGaeilge agus níl aon riachtanas ann úsáid a bhaint astu. Ina ionad sin, is acmhainn iad na teimpléid sin agus tá sé de rogha ag réamhscoileanna agus ag scoileanna úsáid a bhaint astu agus iad ag comhoibriú le chéile. Tá roinnt céimeanna i gceist chun Mo Scéal a aistriú ón réamhscoil go dtí an bhunscoil agus tá treoir mhionsonraithe ar fáil maidir leis sin. Gheobhaidh tú faisnéis maidir le gníomhaíochtaí, scileanna agus meonta a d’fhéadfadh cabhrú le páistí óga agus iad ag aistriú go dtí an bhunscoil, mar aon le faisnéis maidir le forbairt caidreamh agus maidir le bheith ag obair le tuismitheoirí. Áirítear Mo Scéal mar chuid d’fheachtas an Rialtais Bímis Réidh a thacaíonn le páistí agus iad ag aistriú chuig an mbunscoil nó amach ón mbunscoil le linn COVID-19.  

Is féidir teacht ar na hábhair thacaíochta de chuid Mo Scéal anseo