Comhairliúcháin Iar-Bhunscoile

Iar-Bhunscoile

13 Deireadh Fómhair, 2021

Comhairliúcháin Iar-Bhunscoile

Corpoideachas agus OSPS na Sraithe Sóisearaí:

Corpoideachas: Tá comhairliúchán ar oscailt anois ar an dréachtsonraíocht nua do chorpoideachas na Sraithe Sóisearaí. Tá sí deartha le haghaidh íoslíon 135 uair den teagasc agus den fhoghlaim thar thrí bliana. Tá sé beartaithe go dtiocfaidh an tsonraíocht seo in ionad na bhforálacha curaclaim Corpoideachais roimhe seo sa tsraith shóisearach. Is féidir leat aiseolas a thabhairt ar an dréachtsonraíocht trí na suirbhéanna nó is féidir aighneacht scríofa a dhéanamh.

Cliceáil anseo chun an dréachtsonraíocht a léamh agus chun eolas a fháil maidir leis an tslí do chuid aiseolais a roinnt.

OSPS: Tá Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) na Sraithe Sóisearaí á nuashonrú ag CNCM faoi láthair. Leagtar an comhthéacs amach sa cháipéis eolais agus treorach don athfhorbairt ar OSPS na Sraithe Sóisearaí agus moltar inti na hathruithe atá le déanamh le haghaidh curaclam nuashonraithe. Ba mhór againn d’aiseolas ar an bpáipéar seo. Is féidir leat aiseolas agus moltaí a thabhairt trí shuirbhé ar líne nó trí aighneacht scríofa.

Cliceáil anseo chun an cháipéis eolais a léamh agus chun eolas a fháil maidir leis an tslí do chuid aiseolais a roinnt.

Fanfaidh na comhairliúcháin do chorpoideachas agus OSPS ar oscailt go dtí Dé hAoine, an 5 Samhain 2021.

 

Teangacha Clasaiceacha agus Araibis na hArdteistiméireachta:

Tosóidh an comhairliúchán ar na dréachtsonraíochtaí do Theangacha Clasaiceacha (Sean-Ghréigis agus Laidin) agus Araibis níos déanaí sa téarma seo. Beifear in ann féachaint ar na dréachtsonraíochtaí ar leathanach baile na gComhairliúchán.

Is féidir an cháipéis eolais agus achoimre a chuir eolas ar fáil d’fhorbairt Theangacha Clasaiceacha na hArdteistiméireachta a léamh anseo agus tá an cháipéis eolais agus achoimre a chuir eolas ar fáil d’fhorbairt na sonraíochta don Araibis ar fáil anseo.