Ábhair Ceardlainne Comhairliúcháin

Bunscoil

13 Eanáir, 2022

Ábhair Ceardlainne Comhairliúcháin

Tá na hábhair ceardlainne comhairliúcháin ceaptha a bheith ina dtacaíocht phraiticiúil do scoileanna agus iad ag smaoineamh ar na moltaí sa dréachtchreat agus iad á bplé.

Clúdaíonn na hábhair seacht bpríomhréimse:

  • Fís
  • Prionsabail an teagaisc agus na foghlama
  • Príomhinniúlachtaí
  • Leithdháiltí nua ama: seachtainiúil, míosúil agus amanna solúbtha
  • Aistriú, leanúnachas agus dul chun cinn i bhfoghlaim páistí idir réamhscolaíocht, bunscolaíocht agus iar-bhunscolaíocht
  • Cur chuige níos comhtháite i leith an teagaisc agus na foghlama sna ranganna sóisearacha
  • Measúnú.

I ngach ceardlann tá cur i láthair gearr, ceisteanna le breithniú, naisc go físeáin faisnéise agus treoir ghairid ar an gceardlann. Is féidir le scoileanna ar spéis leo na dréacht-mholtaí a iniúchadh agus a phlé na hábhair a fheiceáil agus a úsáid anseo.