Lean leis an gcomhrá

Bunscoil

13 Eanáir, 2022

Lean leis an gcomhrá

Tá an dréachtchreat deartha chun tógáil ar an rath a bhí ar churaclam 1999, agus ag an am céanna ag aithint agus ag freagairt do dhúshláin agus riachtanais athraitheacha na sochaí. An mbraitheann tú go mbaineann an dréachtchreat é seo amach?

Tá breac-chuntas sa dréachtchreat ar mholtaí maidir leis an mbealach a ndéantar an curaclam a struchtúrú agus a chur i láthair a athrú (mar shampla, réimsí curaclaim agus torthaí foghlama). Céard a cheapann tú faoi na hathruithe seo?

Leagtar amach teachtaireachtaí tábhachtacha sa dréachtchreat maidir leis na tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn le haghaidh fhoghlaim an pháiste, amhail na príomhinniúlachtaí, béim bhreise ar roinnt réimsí atá ann faoi láthair chomh maith le réimsí nua foghlama a thabhairt san áireamh. Cén fhreagairt atá agat ar na teachtaireachtaí sin?

Tá moltaí sa dréachtchreat maidir le cuir chuige agus straitéisí oideolaíochta éagsúla, le measúnú ag croílár an teagaisc agus na foghlama. Cén fhreagairt atá agat ar na ráitis seo maidir le hoideolaíocht agus measúnú?

Tá cuntas sa dréachtchreat ar theachtaireachtaí i dtaca le naisc churaclaim, agus aistrithe idir an réamhscolaíocht, an bhunscolaíocht agus an iar-bhunscolaíocht. Céard a cheapann tú faoin ngné sin den dréachtchreat?

Tugtar breac-chuntas sa dréachtchreat ar theachtaireachtaí maidir le neamhspleáchas agus solúbthacht do scoileanna agus do mhúinteoirí (mar shampla, maidir le clár ama agus le pleanáil). Cad a cheapann tú faoina bhfuil beartaithe sa dréachtchreat?