Tuarascáil Chomhairleach ar an Athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach foilsithe

Tuarascáil Chomhairleach ar an Athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach foilsithe

29 Márta, 2022

Tuarascáil Chomhairleach ar an Athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach foilsithe

Tuarascáil Chomhairleach ar an Athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach foilsithe. Tugann an Tuarascáil léargas ar agus freagraíonn sí ar dhearcthaí na bpáirtithe leasmhara, a bailíodh le linn an athbhreithnithe a mhair ceithre bliana, faoin gcaoi a d’fhéadfadh éabhlóid a dhéanamh ar an tsraith shinsearach ionas go bhfreastalódh sé ar riachtanais ár ndaoine óga. Tugann sé bonn láidir d’athfhorbairt chéimnithe na sraithe sinsearaí sna blianta atá le teacht.

Tá fáil ar an Tuarascáil ag  https://www.ncca.ie/athfhorbairtss chomh maith le feasacháin ina bhfuil forbhreathnú den tuarascáil. Molaimid do gach duine é a léamh ina iomlán agus machnamh a dhéanamh ar na féidearthachtaí atá ann dár ndaoine óga go léir agus iad ag dul tríd an gcéim ríthábhachtach seo dá n-aistear oideachais.

Tiocfaidh an Chomhairle nua-cheaptha le chéile sna seachtainí amach romhainn chun na chéad chéimeanna eile d’athfhorbairt na sraithe sinsearaí a phlé, agus cuirfidh Comhairle tús ar phlean oibre a fhorbairt bunaithe ar an Tuarascáil Chomhairleach agus ar fhreagra an Aire uirthi.  Leanfaidh CNCM ag obair go dlúth le scoileanna agus le páirtithe leasmhara le linn an phróisis seo, agus é mar chuspóir againn an fhís athnuaite don tsraith shinsearach, a chuirtear i láthair sa Tuarascáil Chomhairleach, a fhíorú.