Athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach

D’fhoilsigh CNCM An tAthbhreithniú ar an tSraith Shinsearach: Tuarascáil Chomhairleach ag leanúint fhreagairt an Aire ar an 29 Márta. Bhí trí chéim mar chuid den athbhreithniú ar an tsraith shinsearach idir 2016 agus 2020 ina raibh comhairliúcháin forleathan, taighde agus plé i gceist. Chuir an t-athbhreithniú bonn eolais faoi fhorbairt na Tuarascála Comhairlí a thugann sonraí plean ar athfhorbairt oideachas na sraithe sinsearaí in Éirinn. 

19 Bealtaine, 2022

Athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach

Tá an Tuarascáil Chomhairleach leagtha amach ina cheithre chaibidil. Tugann caibidil a haon léargas soiléir ar an gcuspóir, an fhís agus na prionsabail threoracha a stiúrfaidh gach duine a bhfuil baint acu leis an oideachas agus an tsraith shinsearach á hathfhorbairt sna blianta amach romhainn. Déanann caibidil a dó cur síos ar an obair atá le déanamh ag CNCM, i gcomhpháirt le scoileanna agus páirtithe leasmhara, a chuimsíonn trí phríomhréimse – Conairí agus Solúbthacht; Comhpháirteanna den Churaclam; agus Measúnú, Tuairisciú agus Aistriú. Díríonn caibidil a trí ar na príomhfhachtóirí – nó ‘coinníollacha fabhracha’ – atá riachtanach chun tacú le hathfhorbairt na sraithe sinsearaí. Ar deireadh, leagann caibidil a ceathair plean amach don obair athfhorbartha i dtrí chéim fhorluiteacha. Tá CNCM ag ullmhú cláir oibre faoi láthair atá bunaithe ar an Tuarascáil Chomhairleach agus ar an bhfógra 29 Márta leis an tAire Oideachais, Norma Foley, TD. Is féidir teacht ar an Tuarascáil Chomhairleach anseo.