Nuashonrú OSPS

Tá acmhainní nua á gcur leis na Tacair Uirlisí ar líne don OSPS go fóill. Tugann an acmhainn is déanaí tacaíocht do mhúinteoirí iar-bhunscoile chun freagairt de pháistí sa seomra ranga a bhfuil tráma ina saol. 

19 Bealtaine, 2022

Nuashonrú OSPS

Chomhoibrigh CNCM le Barnardos chun gearrfhíseán beochan a dhéanamh. Is é is aidhm leis ná tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí sa chaoi go n-aithneodh agus go bhfreagródh siad daoine óga a bheith ag fulaingt le foréigean baile agus mí-úsáid. Baineann an físeán seo le trámaí eile a bhfuil taithí ag daoine óga leo.   

Tugann an físeán léargas ar na leideanna a thabharfadh daoine óga mar chomhartha go bhfuil siad ag fulaingt le foréigean baile nó roinnt tráma eile. Tá guth daoine óga a bhfuil thíos le foréigean baile agus mí-úsáid mar chuid den fhíseán agus iad ag insint céard ba mhaith leo múinteoirí a rá leo agus a dhéanamh chun tacaíocht a thabhairt dóibh. Tugann an físeán naisc chomh maith le haghaidh eolas breise agus tacaíochtaí do mhúinteoirí.  

Is féidir teacht ar an bhfíseán Tacaíocht a thabhairt do pháistí agus daoine óga atá ag fulaingt le Foréigean Baile agus Mí-úsáid ar shuíomh na n-uirlisí úsáide bunscoile anseo, ar shuíomh na n-uirlisí úsáide OSPS den tsraith shóisearach anseo agus ar shuíomh na n-uirlisí úsáide OSPS den tsraith shinsearach anseo.  

  • Cuireadh acmhainní nua eile leis an tacar uirlisí OSPS bunscoile. Ina measc tá cáipéis treorach chun tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí agus iad ag forbairt cur chuige OSPS/OCG atá ionchuimsitheach ó thaobh féiniúlachtaí LADTAI+ de, agus cáipéis threorach eile ina bhfuil noda maidir le múineadh faoin toiliú i gcomhthéacs Churaclam OSPS na Bunscoile. Tá bileog faisnéise ar fáil chomh maith le cuidiú a thabhairt do thuismitheoirí tacú le foghlaim a bpáiste i dtaca le toiliú.