Acmhainní Nua ar an Treoir Chleachtais le haghaidh Aistear Síolta

Tá CNCM tar éis a bheith ag obair le réimse de shuíomhanna luath-óige thart timpeall na hÉireann chun acmhainní iontacha nua a fhorbairt don Treoir Chleachtais le haghaidh Aistear Síolta. Tá samplaí de chleachtas sna hacmhainní seo ina gcuirtear meonta dearfacha foghlama chun cinn in oideachas luath-óige.

21 Deireadh Fómhair, 2022

Acmhainní Nua ar an Treoir Chleachtais le haghaidh Aistear Síolta

Is uirlis ar líne í an Treoir Chleachtais le haghaidh Aistear Síolta chun tacú le hoideoirí luathbhlianta Aistear agus Síolta a úsáid le chéile chun forbairt a dhéanamh ar chaighdeán an churaclaim agus tacú le foghlaim agus forbairt na bpáistí dá bharr.

Léirítear sa Treoir cleachtas i suíomhanna luath-óige in Éirinn agus déantar nuashonrú air go rialta le hacmhainní nua, lena n-áirítear leabhráin faisnéise, samplaí de ghnáthchleachtas, ionchur saineolach ó oideoirí agus acadóirí, uirlisí féinmhachnaimh agus blúiríní soláimhsithe eolais don Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach. Le cúpla mí anuas, táimid tar éis a bheith ag obair le réimse de shuíomhanna luath-óige thart timpeall na hÉireann chun acmhainní iontacha nua a fhorbairt don Treoir Chleachtais le haghaidh Aistear Síolta. Áirítear orthu sin:

  1. Forbairt meonta dearfacha foghlama a chur chun cinn trí aire a thabhairt d’ainmhithe – tarraingítear aird san fhíseán seo ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ann agus aire á thabhairt d’ainmhithe laistigh den suíomh luath-óige agus léirítear samplaí praiticiúla de lapadáin agus iad ag iarraidh a bheith freagrach as ainmnithe a bheathú agus aire a thabhairt dóibh i dtimpeallacht lasmuigh.
  2. Forbairt meonta dearfacha foghlama a chur chun cinn - Aird agus Buanseasmhacht – dírítear san fhíseán seo ar pháistí d’aoiseanna éagsúla i réimse de thimpeallachtaí foghlama ag léiriú meonta dearfacha foghlama, amhail buanseasmhacht agus aird a dhíriú.

Tá acmhainn ann cheana ar an Treoir Chleachtais, Ag Cabhrú le Leanaí agus le Lapadáin Meonta Dearfacha Foghlama a Fhorbairt, chun tacú sa bhreis a thabhairt d’fhorbairt na meonta dearfacha foghlama laistigh den suíomh luath-óige.

Is féidir gach acmhainn nua agus físeán nua a fháil ar leathanach baile na Treorach Cleachtais.