Comhairliúcháin le babaithe, naíonáin agus páistí beaga

Tá nuashonrú á dhéanamh ar Aistear: Creatchuraclam na Luath-óige agus tá céim a haon den obair críochnaithe faoin am seo. Is ó chomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara ábhartha a fuair an obair seo treoir. Thar aon ní eile, bhí spéis ag CNCM cloisteáil uathu siúd a bhaineann leas as an gcreat, mar sin; choimisiúnaigh siad comhairliúchán le babaithe, naíonáin agus páistí beaga le cinntiú go gcuirtear a nguthanna san áireamh.

24 Bealtaine, 2023

Comhairliúcháin le babaithe, naíonáin agus páistí beaga

I measc na hoibre a bhí i gceist le Céim 1 d’obair CNCM chun Aistear: Creatchuraclam na Luath-óige a nuashonrú bhí comhairliúchán le babaithe, naíonáin agus páistí beaga. Bhí an comhairliúchán seo nuálach agus ar thús cadhnaíochta ó thaobh an dearaidh de agus ó thaobh meas a léiriú ar chearta na bpáistí ar fad go n-éistfí leo agus go bhfreagrófaí dóibh maidir le nithe a bhaineann leo. Thug an t-am a chaith siad le páistí ina suíomhanna luathbhlianta deis do na taighdeoirí breathnóireacht a dhéanamh ar fhreagairtí agus freagraí na bpáistí maidir le gnéithe den churaclam agus é i bhfeidhm agus aird a thabhairt ar na nithe céanna. Ar an gcaoi seo, aithníodh sa chomhairliúchán a bhfuil ag éirí go maith leis in Aistear agus na nithe a d’fhéadfadh a bheith le hathrú nó le nuashonrú.

Tá éisteacht le páistí agus páistí a fhreagairt i gcroílár Aistear. Dhearbhaigh an comhairliúchán an tábhacht a bhaineann le meas a léiriú ar gach páiste mar shaoránach a bhfuil cearta agus freagrachtaí aige/aici, agus ról an oideora chun éascú a dhéanamh ar ghuthanna babaithe, naíonán agus páistí beaga sna bealaí éagsúla ina ndéanann siad cumarsáid linn, agus freagairt do na bealaí cumarsáide seo. Léirigh na guthanna seo an tábhacht a bhaineann le caidrimh agus idirghníomhaíochtaí lena dteaghlaigh, cairde agus leis an bpobal i gcoitinne.

Dhearbhaigh an comhairliúchán cumas babaithe, naíonán agus páistí beaga ó thaobh eolas a bheith acu ar na nithe atá tábhachtach dóibh, agus ó thaobh an ghá leanúnaigh atá ann go dtabharfadh an creatchuraclam tús áite d’ionchuimsiú na rannpháirtíochta fiúntaí do gach babaí, naíonán agus páiste óg agus go léirítear meas agus go ndéantar ceiliúradh ar éagsúlacht teaghlach, cultúir agus teanga.

Is féidir an tuarascáil a léamh anseo.