Curaclam na Bunscoile a nuashonrú – nuashonrú ar na meithleacha forbartha

Tá Meithleacha Forbartha chun tacú le hathfhorbairt Churaclam na Bunscoile ag bualadh le chéile go rialta fós. Pléann baill foirne le taighde cuimsitheach críochnúil, agus déanann siad díospóireacht agus plé ar phríomhtheachtaireachtaí agus smaointe uaidh seo agus ullmhúchán na ndréachtsonraíochtaí do na réimsí curaclaim ó rang na naíonán sóisearach go dtí rang a sé á chur chun cinn acu.

24 Bealtaine, 2023

Curaclam na Bunscoile a nuashonrú – nuashonrú ar na meithleacha forbartha

Nuair a sheol an tAire Oideachais Creatchuraclam na Bunscoile i mí an Mhárta 2023, spreagadh athfhorbairt Churaclam na Bunscoile sna blianta amach romhainn. Chun tacú leis an obair seo bunaíodh cúig Mheitheal Forbartha agus oibríonn gach ceann acu le réimse faoi leith curaclaim. Áirítear i measc na réimsí seo:
• Oideachas Ealaíon
• Teanga
• Oideachas Sóisialta agus Imshaoil
• Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice (ETIM)
• Folláine

Tá na Meithleacha Forbartha, a bhfuil múinteoirí, taighdeoirí agus páirtithe eile leasmhara mar chuid díobh, ag bualadh le chéile go rialta le hobair a chur chun cinn sna réimsí curaclaim a bhaineann leo. I measc na hoibre seo tá plé le taighde, díospóireacht agus plé, agus comhoibriú le, agus éisteacht le, tuairimí ó cheannairí scoile, múinteoirí, páistí agus tuismitheoirí.
Leanfaidh obair na Meithleacha Forbartha ar aghaidh le linn 2023. Is é an chéad rud a bhfuiltear ag díriú air ná ullmhúchán na ndréachtsonraíochtaí. Foilseofar iad seo le haghaidh comhairliúcháin le tuismitheoirí, páistí, múinteoirí, ceannairí scoile agus an pobal i gcoitinne sa bhliain 2024. Agus dul chun cinn á dhéanamh ar fhorbairtí, breathnófar ansin ar ábhar a chruthú le tacú leis an gcuraclam i scoileanna.
Coinnigh suas chun dáta le forbairtí trí dhul chomh fada leis na suíomhanna gréasáin: Bunfhorbairtí | NCCA