Curaclam OSPS Nuashonraithe na Sraithe Sóisearaí

Tá obair ar bun faoi láthair maidir le Curaclam an Oideachais Shóisialta, Phearsanta agus Shláinte (OSPS) a nuashonrú ó oideachas bunscoile go hoideachas na sraithe sinsearaí.Is é foilsiú Churaclam nuashonraithe OSPS na Sraithe Sóisearaí an chéad chéim sa phróiseas seo.

24 Bealtaine, 2023

Curaclam OSPS Nuashonraithe na Sraithe Sóisearaí

Is é a d’eascair as athbhreithniú 2018-19 ar an Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna, gur sainaithníodh mar phríomhthosaíocht an gá a bhí leis an gcuraclam a nuashonrú.

Tosaíodh ar an obair nuashonraithe seo le OSPS na Sraithe Sóisearaí. Cuireann cúrsa nuashonraithe OSPS 2023 na sraithe sóisearaí 100 uair an chloig d’fhoghlaim ar fáil (méadú ó 70 uair an chloig) thar thrí bliana na sraithe sóisearaí. Beidh scoláirí a chuireann tús lena gcéad bhliain i Meán Fómhair 2023 ag déanamh staidéar ar an tsonraíocht nuashonraithe (2023).