Athbhreithniú ar Chur i bhFeidhm Luath na Gaeilge T1 agus T2 don tSraith Shóisearach

Leanann CNCM ar aghaidh ag cur gníomhartha chun cinn mar fhreagra ar thorthaí Athbhreithniú ar Chur i bhFeidhm Luath na Gaeilge T1 agus T2 don tSraith Shóisearach. Tá Treoirlínte Measúnaithe Athbhreithnithe foilsithe anois; tá tús curtha le taighde leantach; agus tá liostaí litríochta á nuashonrú.

23 Deireadh Fómhair, 2023

Athbhreithniú ar Chur i bhFeidhm Luath na Gaeilge T1 agus T2 don tSraith Shóisearach

Measúnú Rangbhunaithe (MRB) 2 Athshamhlaithe

Tá athshamhlú déanta ar MRB2 i dTreoirlínte Measúnaithe athbhreithnithe ar Gaeilge na Sraithe Sóisearaí T1 agus T2. MRB2: Cuireann idirghníomhú trí Ghaeilge​​ béim níos mó ar an nGaeilge chomhráiteach agus ar an idirghníomhaíocht labhartha. Tá ábhair thacaíochta bhreise ar fáil anois chun tacú le múinteoirí agus iad rannpháirteach i MRB2. Coinnigh súil ar ár suíomh gréasáin le haghaidh tuilleadh ​ábhar tacaíochta a bheidh ag teacht go luath.

Athbhreithniú leantach ar Chur i bhFeidhm Luath na Sonraíochtaí Gaeilge T1 agus T2 don tSraith Shóisearach.

Tar éis próiseas tairisceana iomaíoch a bheith curtha i gcrích, choimisiúnaigh CNCM foireann taighde ón Institiúid Oideachais agus ​Sealbhú ​in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (OCBÁC) chun staidéar taighde ilghnéitheach de mhodhanna measctha ar athbhreithniú leantach a dhéanamh ar chur i bhfeidhm luath Churaclam Gaeilge na Sraithe Sóisearaí (T1&T2).  

Cuireadh tús leis an obair ar an staidéar trí bliana seo i Meán Fómhair. Beidh torthaí ar fáil i ngach bliain den staidéar chun bonn eolais a chur faoi obair leanúnach CNCM sa réimse seo agus chun cur le tuilleadh forbartha beartais sa chóras oideachais trí chéile. Féach Foilseacháin agus Taighde | CNCM le haghaidh tuilleadh eolais.

Tá obair ar siúl ar liostaí litríochta athbhreithnithe go fóill

Tá athbhreithniú á dhéanamh ar liostaí téacs Gaeilge na Sraithe Sóisearaí (T1 agus T2) faoi láthair. Tabharfaidh liostaí litríochta athbhreithnithe aird ar leith ar rogha oiriúnach a chur ar fáil do mhúinteoirí agus don scoláire agus téacsanna á roghnú acu atá níos tarraingtí, atá níos ábhartha do shaol agus do spéiseanna an scoláire agus atá ar chaighdeán oiriúnach do riachtanais foghlama an scoláire.

Cuireann CNCM fáilte roimh mholtaí agus comhairle faoi théacsanna ar chóir breithniú a dhéanamh orthu agus a chur san áireamh i liostaí amach anseo.

Más mian leat téacs a mholadh ar chóir a chuir san áireamh do T1 ​​cliceáil anseo.

Más mian leat téacs a mholadh ar chóir a chuir san áireamh do T2 cliceáil anseo.

Lorgaíodh léirithe spéise ó mhúinteoirí iar-bhunscoile na Gaeilge chun páirt a ghlacadh i meithleacha an liosta téacs. Tá An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) ag cur comhairle agus tacaíocht ar fáil do CNCM san obair seo. Chun tuilleadh eolais a fháil ar gach forbairt Gaeilge na Sraithe Sóisearaí ​cliceáil anseo.