Seoladh Curaclam Matamaitice na Bunscoile nua

An mhí seo caite, sheol an tAire Oideachais, Norma Foley, TD an Curaclam Matamaitice Bunscoile nua, ag tarraingt aird ar an gcéad chéim thábhachtach eile in athfhorbairt Churaclam na Bunscoile. Tá an curaclam nua seo ann do cheannairí scoile agus do mhúinteoirí i suíomhanna bunscoile, lena n-áirítear scoileanna speisialta.

23 Deireadh Fómhair, 2023

Seoladh Curaclam Matamaitice na Bunscoile nua

Tar éis seoladh Chreatchuraclam na Bunscoile i mí an Mhárta i mbliana, táthar anois tar éis an Churaclaim Matamaitice Bunscoile nua a fhoilsiú. Leagtar amach fís úrnua ann d’fhoghlaim páistí a bhfuil spraíúlacht, cruthaitheacht, dúshlán, dul sa seans agus réiteach fadhbanna mar shainghnéithe de. Cuireann sé cruth ar chur chuige cuimsitheach páiste-lárnach i leith na foghlama, an teagaisc agus an mheasúnaithe le béim ar chur chuige tarraingteach agus spraíúil ó thaobh na foghlama matamaitice de.

Chun tacú le múinteoirí an curaclam nua a chur i bhfeidhm, forbraíodh Uirlisí Úsáide Matamaitice na Bunscoile agus tá réimse tacaíochtaí ann, lena n-áirítear coincheapa matamaitice, contanaim dul chun cinn agus ábhair thacaíochta. Leanfar ar aghaidh ag déanamh nuashonrú ar na huirlisí úsáide sna míonna amach romhainn. Is féidir rochtain a fháil ar an gcuraclam nua, mar aon le hUirlisí Úsáide Matamaitice na Bunscoile ar https://www.curriculumonline.ie/Primary/?lang=ga-ie.

Le linn na scoilbhliana 2023/2024, déanfaidh ceannairí scoile agus múinteoirí an curaclam nua a iniúchadh agus rachaidh siad i dtaithí air. Cuirfidh Oide agus CNOS réimse tacaíochtaí aghaidh ar aghaidh chomh maith le tacaíochtaí ar líne ar fáil do scoileanna chun an Curaclam Matamaitice na Bunscoile a thabhairt isteach, a chur i bhfeidhm agus a leabú. Is féidir tuilleadh sonraí faoin tacaíocht seo a fháil ag Ciorclán 0039/2023.

Tá taighde, comhairliúchán, plé agus obair a dhéanamh i ndlúthchomhar le múinteoirí, tuismitheoirí agus páistí mar bhonn agus mar thaca ag forbairt an churaclaim. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcaoi ar forbraíodh an curaclam, tabhair cuairt ar https://ncca.ie/ga/bunscoil/.