Léirithe Spéise ó Mhúinteoirí Spáinnise Ardteistiméireachta

Fáiltíonn CNCM roimh léirithe spéise ó mhúinteoirí Spáinnise

28 Meán Fómhair, 2023

Léirithe Spéise ó Mhúinteoirí Spáinnise Ardteistiméireachta

Fáiltíonn CNCM roimh léirithe spéise ó mhúinteoirí Spáinnise iar-bhunscoile ar mhaith leo a bheith páirteach san athbhreithniú ar an litríocht atá leagtha síos le haghaidh Shiollabas Spáinnise na hArdteistiméireachta. Cuirfear tús leis an obair seo i mí Dheireadh Fómhair 2023. Fáiltítear roimh iarratais ó mhúinteoirí reatha Spáinnise iar-bhunscoile Ardteistiméireachta a shásaíonn na critéir seo a leanas:

  • taithí ar shiollabas Spáinnise na hArdteistiméireachta agus iad a bheith á mhúineadh faoi láthair
  • suim agus/nó saineolas faoi leith ar Litríocht na Spáinnise (m.sh., spéis nó saineolas faoi leith ar litríocht, úrscéalta, filíocht, drámaíocht srl. do dhéagóirí)
  • ábalta freastal ar shraith cruinnithe ó mhí Dheireadh Fómhair 2023

Más spéis leat páirt a ghlacadh san obair seo, líon isteach an fhoirm léirithe spéise seo roimh 5 p.m. Dé Luain, an 9 Deireadh Fómhair le do thoil.
Roghnófar iarrthóirí bunaithe ar thaithí ábhartha múinteoireachta (Spáinnis na hArdteistiméireachta) agus ar aon shaineolas ábhartha eile ar litríocht na Spáinnise.
Chomh maith leis na critéir thuas, cuirfear comhthéacs scoile an iarrthóra san áireamh freisin. D’fhéadfadh sé go mbainfí feidhm as gearrliostú.
Cuirfear clúdach ionadaíochta agus maoirseachta chomh maith le costais taistil agus chothaithe ar fáil do gach cruinniú.