Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile

Glao amach ar scoileanna páirt a ghlacadh i líonraí scoileanna

15 Eanáir, 2024

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile

Mar chuid den athfhorbairt ar Churaclam na Bunscoile, tá CNCM ag tabhairt faoi chomhairliúchán ar na Dréachtsonraíochtaí Curaclaim Bunscoile san Oideachas Ealaíon; ar na Nuatheangacha Iasachta i gCuraclam Teanga na Bunscoile; ar an Oideachas Sóisialta agus Imshaoil (OSI); ar an Eolaíocht, Teicneolaíocht agus Innealtóireacht (ETI); agus ar an bhFolláine ó mhí an Mhárta go mí an Mheithimh, 2024.

Tá CNCM ar lorg léirithe spéise ó bhunscoileanna agus scoileanna speisialta le bheith rannpháirteach le mír na líonraí scoileanna den phróiseas comhairliúcháin. Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun teacht ar an bhfoirm léirithe spéise, cliceáil le do thoil ar an nasc thíos.  

Foirm léirithe spéise

Is í an Aoine, an 9 Feabhra, 2024 @ 3.00pm, an dáta deiridh faoinar féidir spéis a léiriú sa rannpháirtíocht.