Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí – Ábhair Thráinse a hAon

Agus plean á leagan amach aici, d’iarr an tAire Oideachais ar CNCM sceideal d’ábhair na sraithe sinsearaí a ullmhú le hathbhreithniú agus le hathfhorbairt a dhéanamh i sraith tráinsí.

13 Márta, 2024

Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí – Ábhair Thráinse a hAon

Le Tráinse 1 d’athbhreithniú ar na hábhair, rinneadh seacht n-ábhar na hArdteistiméireachta a athfhorbairt agus rinneadh dhá ábhar nua a dhearadh.

Cuireadh Comhairliúchán maidir leis an tSean-Ghréigis, an Araibis, an Bhitheolaíocht, Ceimic, an Laidin agus Fisic i gcrích. Tiocfaidh Meitheal Forbartha gach ábhair le chéile arís i mí an Mhárta 2024 chun aiseolas ó na comhairliúcháin a mheas agus sonraíochtaí gach ábhair a thabhairt chun críche. Beidh Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe, agus Drámaíocht, Amharclannaíocht agus Scannánaíocht, ar ábhair nua don tSraith Shinsearach iad, agus dréachtsonraíocht nua do Ghnó, oscailte le haghaidh comhairliúcháin go dtí an 5 Aibreán 2024.

 

Tabharfar isteach na naoi sonraíocht ábhair nua i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2025.

 

Tá eolas faoi na sonraíochtaí agus faoin gcomhairliúchán ar fáil anseo.