Cúig Dhréachtsonraíocht maidir le Curaclam na Bunscoile

Tá comhairliúchán faoi lán seoil maidir le cúig Dhréachtsonraíocht i leith Churaclam na Bunscoile. Is céim thábhachtach é seo chun curaclam na bunscoile a athfhorbairt. Faigh tuilleadh eolais faoi na cúig réimse curaclaim agus an obair atá á déanamh againn chun iad a fhorbairt.

13 Márta, 2024

Cúig Dhréachtsonraíocht maidir le Curaclam na Bunscoile

Is bunús tábhachtach é Creatchuraclam na Bunscoile, a foilsíodh i mí an Mhárta 2023, chun Curaclam Teanga na Bunscoile a athfhorbairt. 

Leagtar amach i gCreatchuraclam na Bunscoile fís, prionsabail, príomhinniúlachtaí, agus struchtúr curaclaim lena dtacaítear le foghlaim, teagasc agus measúnú ar ardchaighdeán. Áirítear sa Chreat na cúig réimse den dhréachtchuraclam seo a leanas:


·    Cuireann Oideachas Ealaíon deiseanna ar fáil do pháistí a samhlaíocht agus a gcruthaitheacht a fhorbairt agus a úsáid trí Ealaín, Drámaíocht agus Ceol, rud a chabhraíonn leo meas agus tuiscint a bheith acu ar a saoil.
·    Is cuid de Churaclam Teanga na Bunscoile é an réimse Nuatheangacha Iasachta. Tacaíonn sé le cur chuige ilteangach i leith na foghlama teanga agus cuireann sé feasacht agus rannpháirtíocht na bpáistí maidir le teanga, cumarsáid agus cultúr chun cinn. 
·    Meallann Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta, agus Innealtóireachta rannpháirtíocht páistí i bhfadhbréiteach spraíúil atá ábhartha dá saol agus dá ndomhan. I dteannta le Curaclam Matamaitice nua na Bunscoile, is cuid de churaclaim ETIM é an réimse seo.
·    Tacaíonn Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta, agus Innealtóireachta le feasacht agus rannpháirtíocht páistí sa Stair agus sa Tíreolaíocht. Tagann forbairt ar eolas, scileanna, meonta agus luachanna páistí chun tacú le saoránacht ghníomhach.
·    Cuimsíonn Folláine ann ná Corpoideachas (CO) i dteannta le hOideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS). Cuirtear ar chumas páistí a bhforbairt fhisiciúil, shóisialta, mhothúchánach agus spioradálta a fhiosrú agus a chothú.  
 
Tacaíodh le dréachtú na sonraíochtaí seo trí phróiseas fairsing forbartha a dhéanamh, lenar áiríodh na nithe seo a leanas:  

·    comhoibriú a dhéanamh le Meithleacha Forbartha   
·    leas a bhaint as taighde (m.sh. an staidéar Saol Scoile Páistí agus Taighde Comhtháthaithe, Oideolaíochta agus Measúnaithe)
·    aird a thabhairt ar ghuth na bpáistí (m.sh. Comhairliúchán le Páistí agus BEACONS ) 
·    obair a dhéanamh i gcomhar leis an bhFóram Scoileanna 
·    rannpháirtíocht a dhéanamh le páirtithe leasmhara trí na seimineáir Curaclam á Athshamhlú agus Leading Out  
·    comhoibriú le painéal comhairleach
 
Tá tuilleadh eolais le fáil maidir le Forbairtí ar Churaclam na Bunscoile ag https://www.ncca.ie/ga/an-tsraith-shóisearach/measúnú-agus-tuairisciú