Cuir do thuairim in iúl faoi Dhréachtsonraíochtaí Churaclam na Bunscoile

Tá tús curtha le comhairliúchán maidir le cúig Dhréachtsonraíocht a bhaineann le Curaclam na Bunscoile san Oideachas Ealaíon; sna Nuatheangacha Iasachta (NTI) i gCuraclam Teanga na Bunscoile; san Oideachas Sóisialta agus Imshaoil (OSI); san Oideachas Eolaíocht, Teicneolaíocht agus Innealtóireacht (ETI); agus san Fholláine. Is féidir leat páirt a ghlacadh ann agus do chuidse a chur in iúl ar go leor bealaí.

13 Márta, 2024

Cuir do thuairim in iúl faoi Dhréachtsonraíochtaí Churaclam na Bunscoile

Mar chuid den athfhorbairt ar Churaclam na Bunscoile, tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ag tabhairt faoi chomhairliúchán ar chúig Dhréachtsonraíocht maidir le Curaclam na Bunscoile san Oideachas Ealaíon; sna Nuatheangacha Iasachta (NTI) i gCuraclam Teanga na Bunscoile; san Oideachas Sóisialta agus Imshaoil (OSI); in Eolaíocht, Teicneolaíocht agus Innealtóireacht (ETI); agus san Fholláine ó mhí an Mhárta go mí an Mheithimh, 2024.  

 

Áirítear leis an gComhairliúchán aiseolas a bhailiú ó pháistí, comhoibriú a dhéanamh le líonraí scoileanna, fócasghrúpaí ar líne agus ar aghaidh ar aghaidh, ceistneoirí ar líne, aighneachtaí scríofa, cruinnithe déthaobhacha agus comhdháil chomhairliúcháin. 

Seo cuid de na bealaí ar féidir leat páirt a ghlacadh ann agus do chuidse a chur in iúl. 

 

·        Imeachtaí Fócasghrúpa: Beidh fócasghrúpaí ar líne agus ar aghaidh ar aghaidh ar siúl do mhúinteoirí, ceannairí scoile agus tuismitheoirí. Beidh na fócasghrúpaí ar aghaidh ar aghaidh ar siúl ar fud na tíre.  

·        Ceistneoirí: Tá dhá cheistneoir ar líne – ceann do ghairmithe oideachais agus ceann do thuismitheoirí. Níor cheart go dtógfadh sé níos mó ná deich nóiméad lena chur i gcrích. 

·        Aighneachtaí scríofa: Tá fáilte roimh dhaoine aonair, ghrúpaí agus eagraíochtaí aighneacht scríofa a chur isteach ar cheann amháin nó níos mó de Dhréachtsonraíochtaí Churaclam na Bunscoile.  

 

Ba bhreá le CNCM d’aiseolas agus do thuairimí a chloisteáil. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcomhairliúchán agus conas is féidir leat a bheith páirteach ann, téigh chuig ár leathanach comhairliúcháin tiomnaithe.