Osclaíonn comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile

Léirigh do chuid tuairimí

06 Márta, 2024

Osclaíonn comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile

Mar chuid den athfhorbairt ar Churaclam na Bunscoile, tá CNCM ag tabhairt faoi chomhairliúchán ar na Dréachtsonraíochtaí Curaclaim Bunscoile san Oideachas Ealaíon; ar na Nuatheangacha Iasachta i gCuraclam Teanga na Bunscoile; ar an Oideachas Sóisialta agus Imshaoil (OSI); ar an Eolaíocht, Teicneolaíocht agus Innealtóireacht (ETI); agus ar an bhFolláine.

Beidh an comhairliúchán ar siúl go dtí an 7 Meitheamh agus is féidir páirt a ghlacadh ann in go leor bealaí, amhail freastal ar cheann dár ngrúpaí fócais fisiceacha nó ar líne; ceistneoir ar líne a chomhlánú nó aighneacht scríofa a sheoladh chugainn. Ba mhaith linn cloisteáil ón oiread daoine is féidir, mar sin déan cinnte de agus tapaigh an deis seo chun do thuairimí a chur in iúl!

Chun na cúig dhréachtsonraíocht churaclaim a léamh nó chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an gcomhairliúchán seo, tabhair cuairt ar ár leathanach comhairliúcháin anseo