Comhairliúchán Chéim 2 maidir le hAistear a Nuashonrú

Anuraidh, thug CNCM cuireadh d’earnáil na luath-óige a dtuairimí a roinnt ar an méid atá ag obair go maith in Aistear agus ar an méid a d’fhéadfadh a bheith le nuashonrú. Tá an Dréacht-Nuashonrú D’Aistear le haghaidh comhairliúcháin foilsithe anois agus tá nuashonruithe tábhachtacha ann a léiríonn na hathruithe san earnáil agus i sochaí na hÉireann le roinnt blianta anuas. Ba mhaith linn do chuid tuairimí a chloisteáil ar na nuashonruithe seo ar an gCreat.

23 Deireadh Fómhair, 2023

Comhairliúchán Chéim 2 maidir le hAistear a Nuashonrú

Cuireadh tús le Céim 2 de chomhairliúchán ar an 11 Meán Fómhair 2023 le foilseachán den Dréachtchreat. Cuireann Aistear Nuashonraithe béim níos mó ar chearta babaithe, naíonán agus páistí óga agus ag tabhairt aitheantas agus ag déanamh ceiliúradh ar éagsúlacht laistigh de theaghlaigh, de thithe agus de phobail ag an am céanna. Leagann an creat nuashonraithe seo béim ar an tábhacht leanúnach a bhaineann leis an bhfoghlaim tríd an súgradh agus le heispéiris phraiticiúla sa luath-óige. Ina theannta sin, léiríonn sé go leor deiseanna foghlama trí na Téamaí, na hAidhmeanna agus na Spriocanna foghlama nuashonraithe. Treisíonn an creat an luach a bhaineann le cairdeas a chothú go háirithe, chomh maith le caidrimh a spreagadh i measc babaithe, naíonán agus páistí óga, teaghlaigh, oideachasóirí, agus an phobail i gcoitinne.

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil, cuireann an físeán seo faisnéis faoi na Príomhtheachtaireachtaí ó Chéim 1 ar fáil, chomh maith le forléargas ar na hathruithe beartaithe ar Aistear. Tugann CNCM cuireadh do thuismitheoirí, d'oideachasóirí agus do pháirtithe leasmhara eile a gcuid smaointe a roinnt trí cheistneoir ar líne, aighneacht i scríbhinn, agus fócasghrúpaí ar líne sna seachtainí amach romhainn. B'fhéidir go gcabhródh an doiciméad ar Cheisteanna Coitianta (CCanna) leat freagra a thabhairt ar aon cheist a d’fhéadfadh a bheith agat. Beidh an comhairliúchán ar siúl go dtí an 14 Samhain 2023.

Is deis shuntasach é an comhairliúchán seo duit do dhearcadh a thabhairt chun solais, ag cabhrú leis na nuashonruithe ar Aistear​​ a threorú agus le cinntiú go bhfuil tionchar dearfach aige i gcónaí ar fhoghlaim agus ar fhorbairt babaithe, naíonán agus páistí óga.

Le teacht ar an ábhar comhairliúcháin uilig, téigh chuig https://ncca.ie/ga/an-luath-%C3%B3ige/forbairt%C3%AD-oideachais-luath-%C3%B3ige/aistear-%C3%A1-nuashonr%C3%BA/comhairli%C3%BAch%C3%A1n/