Príomhinniúlachtaí na Sraithe Sinsearaí

Tá an tsraith shinsearach ag athrú agus díreoidh sí níos mó go luath ar phríomhinniúlachtaí ár ndaoine óga. Labhair muid leis an scoláire, le múinteoirí, tuismitheoirí agus daoine eile nuair a rinneamar athbhreithniú ar an tsraith shinsearach.

23 Deireadh Fómhair, 2023

Príomhinniúlachtaí na Sraithe Sinsearaí

Tá an tsraith shinsearach ag athrú agus díreoidh sí níos mó go luath ar phríomhinniúlachtaí ár ndaoine óga. Labhair muid leis an scoláire, le múinteoirí, tuismitheoirí agus daoine eile nuair a rinneamar athbhreithniú ar an tsraith shinsearach. Leag go leor acu béim ar an tábhacht a bhaineann leis an duine atá ionat i do bhlianta deireanacha ar scoil agus an duine atá ionat nuair a fhágann tú cúrsaí scoile. Dúirt siad go bhfuil do luachanna agus do mheonta chomh tábhachtach le do chuid eolais agus scileanna.

D'éisteamar leis an aiseolas seo agus díreoidh ár gcuraclam athfhorbartha sraithe sinsearaí ar a thábhachtaí agus atá sé don scoláire a phríomhinniúlachtaí a fhorbairt; ar an gcaoi a gcuireann eolas, scileanna, luachanna agus meon lenár bhfoghlaim, fás agus forbairt mar dhaoine. Léigh tuilleadh anseo: https://ncca.ie/ga/an-tsraith-shinsearach/athfhorbairt-na-sraithe-sinseara%C3%AD/pr%C3%ADomhinni%C3%BAlachta%C3%AD-an-scol%C3%A1ire/