Comhtháthú, Oideolaíocht agus Measúnú

Tuarascálacha ceannródaíocha a phléann comhtháthú, oideolaíocht agus measúnú i gcomhthéacs an chleachtais

26 Meán Fómhair, 2023

Comhtháthú, Oideolaíocht agus Measúnú

Mar chuid d’athfhorbairt an Churaclaim Bunscoile, rinne CNCM an Dr Patrick Burke agus an Dr Paula Lehane ó Institiúid an Oideachais, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a choimisiúnú chun athbhreithniú a dhéanamh ar litríocht maidir le hidirghaolmhaireacht an Chomhtháthaithe, na hOideolaíochta agus an Mheasúnaithe. Tá an taighde á fhoilsiú ina dhá thuarascáil. Sa chéad tuarascáil, déantar an comhtháthú curaclaim a choincheapú agus sa dara tuarascáil, fitear isteach an litríocht a bhaineann le Comhtháthú, Oideolaíocht agus Measúnú.